Aigéad aracadónach
Aigéad sailleach polaineamhsháithithe is ea aigéad aracadónach le 20 adamh carbóin is 4 nasc neamhsháithithe. Bíonn sé stóráilte i gcillscannáin, agus nuair a fhuasclaítear é cuireann sé bun le prostaglaindiní is leocaitríéiní. Sintéisítear é sa cholainn as aigéad líonoiléach (le 18 adamh carbóin is 2 nasc neamhsháithithe), comhábhar riachtanach sa chothú mar nach féidir leis an gcolainn dhaonna é a shintéisiú.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aigéad aracadónach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 15.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |