Is é an t-aigéad formach (nó an t-aigéad meatánóch i dtéarmaíocht Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí, IUPAC) an ceann is simplí de na haigéid charbocsaileacha: níl sa mhóilín go bunúsach ach an grúpa carbocsaileach agus é nasctha d'adamh hidrigine: HCOOH. Is amhábhar tábhachtach é i sintéisiú a lán táirgí sa tionsclaíocht cheimiceach, agus fáil air sa dúlra. Is é an t-aigéad formach is cúis leis an dóigh a ngreannaíonn cealg nó greim a lán feithidí an craiceann, na seangáin ach go háirithe. Tá an t-aigéad féin ainmnithe as na seangáin, nó is é formica an focal Laidine ar "seangán" (cf. fourmi na Fraincise, hormiga na Spáinnise). Cosúil leis na haigéid charbocsaileacha eile, is aigéad réasúnta lag é. Mar sin féin, tá sé níos láidre ná na haigéid alcánacha eile: is é an tairiseach díthiomsúcháin atá aige ná 3.744, nuair nach bhfuil an t-aigéad aicéiteach, an dara ceann is láidre acu, ach 4.76 ar tairiseach díthiomsúcháin. (Tabhair faoi deara go bhfuil an tairiseach díthiomsúcháin ag dul i méadaíocht de réir mar atá an aigéadacht ag dul i laige. Cosúil leis an pH-uimhir, is frithlogartam é an tairiseach seo.)

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAigéad formach

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach46.005 Da
Tacsón ina n-aimsítear é
Rólpríomh-mheitibilít
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachCH₂O₂
SMILES canónta
Model 2D
C(=O)O
InChIModel 3D
Airí
Dlús1.22 g/cm³ (a 20 °C, leacht) Cuir in eagar ar Wikidata
Slaodacht dhinimiciúil0.16 Pl Cuir in eagar ar Wikidata
Comhéifeacht athraonta1.3714 Cuir in eagar ar Wikidata
PKa3.81 Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach1.41 D
Pointe leáite8.25 °C
8 °C
8.3 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe100.7 °C
101 °C (a 101.325 kPa) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach1.41 D
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe−409.19 kJ/mol
Galbhrú35 mmHg (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Teorainn inlasta íochtair18 vol%
Teorainn inlasta uachtarach57 vol%
Teocht uathadhainte520 °C
Meánteorainn nochta ualaithe ama9 mg/m³ (10 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Splancphointe122 °F Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte56.4 mg/m³
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Class II combustible liquid (en) Aistrigh

Formáití nó meatánóáití a thugtar ar shalainn an aigéid fhormaigh.

Tá an t-aigéad formach sothuaslagtha san uisce: is féidir an dá leacht a mheascadh i gcoibhneas ar bith.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar