Is éard is Capsicum annuum na speiceas den ghéineas planda Capsicum atá ina phlanda nádúrtha i Meiriceá Thuaidh agus i dtuaisceart Mheiriceá Theas. Is é seo an speiceas is coitianta agus is forleithne saothraithe de chuid na cúig capsacam ceansaithe.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCapsicum annuum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo debell pepper (en) Aistrigh, piobar sillí agus paprika oleoresin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcaor Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN100895534 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdSolanales
FineSolanaceae
TreibhCapsiceae
GéineasCapsicum
SpeiceasCapsicum annuum Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Cuimsíonn an speiceas raon leathan de chruthanna agus mhéideanna piobair, idir séimh agus te, ó phiobair cloigíneacha go piobair sillí. Shíolraigh na saothróga ón éanphiobar fiáin Meiriceánach a bhíonn ar fáil fós sna réigiúin níos teo de chuid críocha Mheiriceá.

San am atá caite ghlaoití ''C. frutescens'' ar fhoirmeacha adhmadach den speiceas seo, ach tá na gnéithe a úsáideadh chun idirdhealú a dhéanamh ar na foirmeacha sin ar fáil i go leor daonra de C. annuum agus níl aon speiceas de C. frutescens atá aitheanta go seasta.

Saintréithe cuir in eagar

Cé go ciallaíonn an ainm an speicis annuum "bliantúil" (ón Laidin annus "bliain"), níl an planda bliantúil agus in éagmais siocáin an gheimhridh is féidir leis maireachtáil i gcomhair séasúr éagsúil agus agus fás ina thor mór ilbhliantúil.

 

Bíonn dath na mbáthanna singile neasbhán (uaireanta corcora) nuair a bhíonn an gas dlúth-chraobhach agus suas go 60 ceintiméadar ar airde. Bíonn na torthaí ina chaora a d'fhéadfadh a bheith glas, buí nó dearg nuair a bhíonn siad aibí. Cé gur féidir leis an speiceas glacadh le formhór na n-aeráid, tá C. annuum tháirgiúil go háirithe le fáil sna haeráidí te agus tirim.

Tagairtí cuir in eagar