Ailill Angubae
I miotaseolaíocht na nGael, ba dheartháir Ard-Rí na hÉireann, Eochaid Feidlech, é Ailill Angubae de réir an leagain i Leabhar na hUidhre den seanscéal Tochmharc Éadaoine.[1][2] Sa leagan seo, thit Ailill i ngrá le hÉadaoin, bean chéile a dhearthár agus sliocht de na Tuatha Dé Danann.
Cineál | carachtar miotasach |
---|---|
Comhthéacs | |
I saothar | Tochmharc Éadaoine |
Cruinne | An Rúraíocht |
Dáta | |
Inscne | fireann |
Muintir | |
Siblíní | Eochu Airem |
Tochmharc Éadaoine
cuir in eagarBa í Éadaoin an dara bean chéile de dhia na dTuath Dé Danann, Midhir.[1] De dheasca a héi faoi [[Fuamnach|Fhuamnach], chéad bhean chéile Mhidhire, athrugadh í mar dhuine daonna.[1] Chuala Ard-Rí na hÉireann Eochaidh Feidhil, an scéal faoina háilleacht, agus thóg sé í chuig a thigh ríoga ag Teamhair.[1] Thit Ailill i ngrá le hÉadaoin ag Féile na Teamhrach. Tar éis na féile seo, phós Éadaoin a dheartháir Eochaid. De bharr an ghrá aontaobhach a d'fhulaing sé, ghéill sé de réir a chéile de ghalar sirg.[1]
In ainneoin a grá dá fear céile, bhí trua ag Éadaoin d'Ailill, agus chun cuidiú leis, gheall sí go luífeadh sí leis.[1] Ar an drochuair dó, níor tháinig Ailill riamh ag an áit socraithe, toisc gur chuir Midhir i gcodladh draíochta é.[1]