Foirm ailtireachta sa Mhuir Aeigéach timpeall 2500-1100 RC, tógáil saoirseachta a bhí bunaithe ar phoist is lindéir gan aon mhoirtéal. Ba shainmharcanna iad na fallaí ramhra, clúdaithe le stucó, agus an dearadh neamhshiméadrach. Mar shampla, sraith seomraí, pasáistí is clós, cosúil le cathair gríobháin, a bhí i bpálás an Rí Míonós i gCnósas na Créite, ar scrios crith talún é i 1450 RC.[1]

Pálás an Rí i gCnósas

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht Mhionóach [sic]". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 20.