Ailtireacht Mhionóch
Foirm ailtireachta sa Mhuir Aeigéach timpeall 2500-1100 RC, tógáil saoirseachta a bhí bunaithe ar phoist is lindéir gan aon mhoirtéal. Ba shainmharcanna iad na fallaí ramhra, clúdaithe le stucó, agus an dearadh neamhshiméadrach. Mar shampla, sraith seomraí, pasáistí is clós, cosúil le cathair gríobháin, a bhí i bpálás an Rí Míonós i gCnósas na Créite, ar scrios crith talún é i 1450 RC.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht Mhionóach [sic]". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 20.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann leis an nGréig é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |