Alan Ó Brógáin

imreoir peil Ghaelach
(Athsheolta ó Alan Brogan)

Is peileadóir Ghaelach ó Bhaile Átha Cliath é Alan Ó Brógáin (Alan Brogan sa Bhéarla). Imríonn sé le haghaidh Naomh Oilibhéar Pluincéad/Eoghan Ruadh agus d'imir sé le Baile Átha Cliath idir 2002 agus 2015. Is mac é le laoch peile Bhaile Átha Cliath Bernard Brogan Sinsir agus is deartháir é le Bernard Brogan Sóisear agus Paul Brogan. Roghnaíodh é mar chaptaen Baile Átha Cliath don shéasúr 2008 in áit iar-chaptaen na foirne 'Collie Moran'.

Infotaula de personaAlan Ó Brógáin
Beathaisnéis
Breith11 Eanáir 1982
42 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairBernard Brogan
SiblínBernard Brogan agus Paul Brogan
Gradam a fuarthas

D'imir Ó Brógáin ar son na tíre (Éire), a Chúige (Laighean) agus a Chontae (Baile Átha Cliath).

Bhí Brogan ar fhoireann Bhaile Átha Cliath nuair a bhain siad Craobh Laighean i 2002, 2005, 2006, 2007, 2008 agus i 2009 mar chaptaen. bhain sé Craobh na hÉireann agus Craobh Laighean leis an bhfoireann faoi 21 i 2003. Scoráil Brogan 9 bpointe ar son na hÉireann nuair a bhain siad in éadan na hAstráile i 2004.

2006 cuir in eagar

Fuair sé 1-8 le haghaidh Baile Átha Cliath sa léag i 2006, cé go raibh sé in easnaimh de dheasca cárta dearg a fháil in éadan Tír Eoghain. Cuireadh cosc imeartha air ar feadh ocht seachtaine faoi choimirce riail 140 an CLG ach cuireadh deireadh leis an gcosc sin de bharr 'teicniúlacht.' Bhí Ó Brógáin ar fhoireann Bhaile Átha Cliath i gCraobh Sinsear Uile-Éireann Peile 2006 agus bhain sé bonn óir i gCraobh Laighean i 2006. Ainmníodh Alan ar fhoireann GPA na bliana agus bronnadh 'allstar' air i 2006. Tá Alan ag imirt ar son na hÉireann i mbliana in éadan na hAstráile, agus scóráil sé ceithre phointí sa chéad chluiche. Bhí Éire chun tosaigh le hocht bpointe tar éis an chéid chluiche. Críochnaigh an cluiche in éadan na hAstráile leis an scór 48 - 40. Scóráil Alan 2 'overs' sa dara chluiche in éadan na hAstráile agus chaill foireann na hÉireann an 'series' 79 - 109. Bhain foireann peile Alan, CLG Eoghan Ruadh sraith a 2 de léag Bhaile Átha Cliath agus ciallaíonn sé sin go mbeidh Ó Brógáin ag imirt i sraith a haon i 2007. Roghnaíodh Alan i bhfoireann peile na réalta gorma le haghaidh 2006.

Rudaí Fánacha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar