Alexander Mackenzie Stuart

dlíodóir (1924-2000)

An chéad bhreitheamh ón Ríocht Aontaithe ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ab ea Alasdair Mac Coinnich Stiùbhairt nó Baron Alexander Mackenzie Stuart (18 Samhain 19241 Aibreán 2000).[1]

Infotaula de personaAlexander Mackenzie Stuart
Ainm sa teanga dhúchais(en) Alexander Mackenzie Stuart, Baron Mackenzie-Stuart
Beathaisnéis
Breith18 Samhain 1924
Obar Dheathain, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Aibreán 2000
75 bliana d'aois
Dún Éideann, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Theach na dTiarnaí
18 Deireadh Fómhair 1988 – 1 Aibreán 2000 (bás in oifig)
Breitheamh de Chúirt Bhreithiúnais Eorpach
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann
Coláiste Fettes
Coláiste Sidney Sussex Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmsaineolaí dlí, innealtóir, breitheamh, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Teaghlach
CéileAnne Mackenzie-Stuart (1952–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAmanda Jane Mackenzie-Stuart, Laura Margaret Mackenzie-Stuart, Katherine Anne Mackenzie-Stuart, Judith Mary Mackenzie-Stuart Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAlexander Mackenzie Stuart  agus Amy Margaret Dean

Tar éis dó a bheith ina Abhcóide na Banríona rathúil agus ina bhreitheamh in Albain, ceapadh ar an gCúirt Bhreithiúnais é, le héifeacht ó mhí Eanáir 1973. Bhí sé ina bhall den Chúirt ar feadh cúig bliana déag agus ina Uachtarán uirthi ó 1984 go dtí go ndeachaigh sé ar scor.[2]

I measc na rudaí is tábhachtaí a rinne sé mar Uachtarán na Cúirte, chuir sé dlús le tógáil fhoirgneamh nua na Cúirte agus mhaoirsigh sé ar ullmhúchán le haghaidh bhunú Chúirt Chéadchéime na gComhphobal Eorpach (an Chúirt Ghinearálta faoi láthair) a thosaigh ag oibriú den chéad uair i 1989.

Chuidigh an cúlra a bhí aige mar abhcóide Albanach le rian de dhearcadh agus taithí na ndlíodóirí sa Ríocht Aontaithe a fhágáil ar fhorbairt dlí na gComhphobal Eorpach.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar