Alina Sánchez
Ba dhochtúir Airgintíneach agus réabhlóidí í Alina Sánchez ar a dtugtar Lêgerîn Çîya freisin. Rugadh i San Martín de los Andes, an Airgintín í sa bhliain 1986, agus fuair sí bás in Hasaka na Siria ar 17 Márta 2018. Rinne sí staidéar i Scoil Leighis Mheiriceá Laidinigh (ELAM) i gCúba.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Meán Fómhair 1986 San Martín de los Andes, An Airgintín |
Bás | 17 Márta 2018 31 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Escuela Latinoamericana de Medicina |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dochtúir leighis |
Chuaigh Sánchez isteach sna “hAonaid um Chosaint Ban” (YPJ[1] de chuid na gCoirdíneach) in 2011, agus d’oibrigh sí i gcóras sláinte Riarachán Uathrialach na Siria Thuaidh agus Thoir (AANES). Fuair sí bás i dtimpiste gluaisteáin ar an 17 Márta 2018, agus í ag taisteal go Hasaka.[2] Ina honóir, tá a hainm anois ar Ospidéal Tell Tamer i Réigiún Jazira.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Women's Protection Units" (as en) (2020-11-02). Wikipedia.
- ↑ ""La huella de Alina en Latinoamérica"". ANF News.
- ↑ ""Hospital de Rojava lleva el nombre de la médica argentina Alina Sánchez"". ANF News.