Amur (abhainn)
Abhainn in oirthuaisceart na hÁise is ea an Amur (Rúisis: река́ Аму́р; Sínis: 黑龙江, Hēi Lóngjiāng, nó "abhainn an dragain dhuibh"). An 10ú habhainn is faide ar domhan atá inti agus í ina teorainn idir Cianoirthear na Rúise agus an Mhanchúir, in oirthuaisceart Dhaonphoblacht na Síne ar feadh cuid mhór dá chúrsa. Tá an Amur 2,824 km (1,755 míle slí ar fhad).
(zh-hans) 黑龙江 (ru) Амур (mnc) ᠰᠠᡥᠠᠯᡳᠶᠠᠨ ᡠᠯᠠ | ||||
Cineál | Abhainn trasteorann | |||
---|---|---|---|---|
Foinse | ||||
Mór-roinn | an Áise | |||
Tír abhantraí | an Rúis | |||
Limistéar riaracháin | Zabaykalsky Krai, An Rúis, Amur Oblast (en) , Cúige Féinrialaitheach na nGiúdach, An Rúis, Críoch Khabarovsk, An Rúis agus Heilongjiang, Daon-Phoblacht na Síne | |||
Suíomh | Abhainn Onon | |||
Deireadh | ||||
Suíomh | Muir Ocatsc | |||
| ||||
Craobh-abhainn | 25 | |||
Abhantrach draenála | Abhantrach Amur | |||
Tréithe | ||||
Toisí | 2,824 () km | |||
Abhantrach | 1,855,000 km² | |||
Bearta agus táscairí | ||||
Sreabhadh | 12,800 m³/s | |||
Éiríonn an Amur i measc na gcnoc in iarthar na Manchúire ag an áit a dtagann na haibhneacha Shika agus Ergune le chéile, 303 méadar (994 troigh) os cionn leibhéal na farraige. Sníonn an Amur feadh na teorann idir an Rúis agus an tSín, soir ar dtús, ansin soir ó dheas ag déanamh stua mór ar feadh 400 km (250 míle). Ansin leanann sí ar aghaidh soir ó thuaidh go sroicheann sí Caolas na Tartaire, idir Muir na Seapáine agus Muir Ocatsc.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |