Amy Irving

ban-aisteoir Meiriceánach

Is ban-aisteoir Meiriceánach í Amy Davis Irving, a rugadh ar an 10 Meán Fómhair, 1953. Bhí sí ar an stáitse agus í ina naíonán ach thuill sí clú ní ba dhéanaí le páirteanna i scannáin mar Carrie.

Infotaula de personaAmy Irving

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Amy Davis Irving
Beathaisnéis
Breith10 Meán Fómhair 1953
70 bliana d'aois
Palo Alto, California Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eolaíocht Chríostaí
Scoil a d'fhreastail sé/síLondon Academy of Music and Dramatic Art Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheNua-Eabhrac
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmléiritheoir scannáin, aisteoir gutha, fuirseoir, amhránaí, ban-aisteoir, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1975 –
TeangachaBéarla
UirlisCeol gutha
Teaghlach
CéileSteven Spielberg (1985–1989)
Bruno Barreto (1996–2005) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMax Spielberg
 ( Steven Spielberg) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJules Irving  agus Priscilla Pointer
SiblínKatie Irving
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0001388 Allocine: 2181 Allmovie: p34559 TV.com: people/amy-irving IBDB: 46241
Musicbrainz: 1b9447e1-1a9b-4683-a23d-f9dbab7f9aef Cuir in eagar ar Wikidata

A luathshaol cuir in eagar

Rugadh Irving in Palo Alto, California.[1] Ba stiúrthóir amharclainne agus scannáin é a hathair, Jules Irving (a rugadh mar Jules Israel) agus aisteoir ab ea a máthair, Priscilla Pointer.[1] Is amhránaí agus múinteoir páistí bodhaire í a deirfiúr, Katie Irving, agus is stiúrthóir agus scríbhneoir é a dheartháir, David Irving (nach ionann leis an scríbhneoir Sasanach den ainm chéanna). Ba Ghiúdach é a hathair.[2] Tógadh Irving le hEolaíocht Chríostaí, ach níor choimeád an teaghlach aon traidisiúin reiligiúnda.[3] Chaith sí a luath-óige in San Francisco, mar ar chomhbhunaigh a hathair an Actor's Workshop. Bhí sí páirteach sa téatar áitiúil agus í ina páiste.[4][5]

Tá Irving pósta trí huaire ina shaol. Ba Steven Spielberg a céad fhear céile.

Tagairtí cuir in eagar