Tá an teanga Adyghe (адыгэбзэ adygebze, adəgăbză) ar ceann den dá theanga oifigiúil i bPoblacht Adygea sa Rúis. Labhraíonn treibheanna éagsúla na náisiúntachta Adyghe í: Shapsugh, Bzedugh, Abzekh, Kemirgoy, Hakuchi, agus roinnt eile freisin. Tugann an mhuintir AdyghadzeAdyghabza ar a dteanga féin.

Infotaula de llenguaAn Adyghe
Адыгабзэ agus Кӏах Адыгабзэ‎
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais575,900 (2010)
Dúchasach doAdygea, An Charaitsé-Shiorcáis agus Críoch Krasnodar
Stáitan Rúis, an Tuirc, an Iordáin agus an tSiria
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Cugasacha
North Caucasian (en) Aistrigh
teangacha Abcásacha-Adaigéacha
Circassian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaAibítir Choireallach, Adyghe alphabet (en) Aistrigh agus script Araibise
Leibhéal leochaileachta2 leochaileach
Cóid
ISO 639-2ady
ISO 639-3ady
Glottologadyg1241
Ethnologueady
UNESCO1064
IETFady

Tá an teanga Adyghe ó dhúchas ag thart ar 125,000 duine sa Rúis. Ar fud an domhain, tá sí ag 300,000 duine, agus an chuid is mó acu ina gcónaí sa Tuirc.

Baineann an teanga Adyghe le fine na dteangacha Cugasacha Thiar Thuaidh. Tá gaol dlúth aici le teangacha ar nós na Cabairdínise, na teanga Ubykh, na hAbchásaise agus na teanga Abaza.

Caighdeánaíodh an teanga i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Sa bhliain 1938, cuireadh an aibítir Choireallach i bhfeidhm ar an teanga, cosúil le cuid mhór teangacha eile san Aontas Sóivéadach. Roimhe sin, b'iad aibítir na hAraibise agus an aibítir Laidineach a bhí in úsáid.

Gramadach cuir in eagar

Tá abairtí bunúsacha na teanga Adyghe, cosúil leis na teangacha Cugasacha Thiar Thuaidh eile, bunaithe ar an ordú ainmní-cuspóir-briathar, agus an briathar ag éileamh an tuisil oibrígh.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar