An Bhinn Ghorm

sliabh in Éirinn

Sliabh suite i gContae Mhaigh Eo is ea an Bhinn Ghorm (700 m). Tá sé i ngar don Chaoláire Rua (Béarla: Killary Harbour) agus an teorainn le Contae na Gaillimhe. Níl aon iontráil ar an suíomh logainm.ie a bhaineann leis an sliabh, cé go bhfuil cúpla sliabh eile darb ainm “An Bhinn Ghorm” i gContae Mhaigh Eo.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Bhinn Ghorm
Íomhá
CineálSliabh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53°37′30″N 9°43′12″W / 53.625°N 9.72°W / 53.625; -9.72
Tréithe
Airde os cionn na farraige700 m Cuir in eagar ar Wikidata

Pas Dhúloch cuir in eagar

Tá an Dúloch in aice leis an sliabh. Tá draíocht ag baint leis an áit mar tá an timpeallacht go hálainn agus tá radhairc gleoite le fáil i ngach treo. I mBéarla tugtar Doolough Pass ar an áit.