Is ceantar i gContae Bhaile Átha Cliath é an Ché Adhmaid[1] (Wood Quay sa Bhéarla) nó Cé an Adhmaid ar uairibh.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Ché Adhmaid

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°20′42″N 6°16′16″W / 53.345°N 6.271°W / 53.345; -6.271
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
BaileBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1381037

Aimsíodh ceann de na suímh Lochlannacha is tábhachtaí ar domhan i rith tochailtí a rinneadh ag Cé an Adhmaid sna 1970idí. Thángthas ar bhaile mór a raibh breis is 200 foirgneamh ann, mar aon le céanna agus cuid de bhallaí bunaidh na cathrach. Chomh maith leis sin, fuarthas na mílte déantán, arm, earra criaga agus píosaí miotalóireachta. Chabhraigh fionnachtain na ndéantán sin le seandálaithe teacht ar thuiscint níos fearr ar an gcineál saoil a chaith na Lochlannaigh i mBaile Átha Cliath i rith na Meánaoiseanna.

Foinsí cuir in eagar

Tá cuid den eolas seo bunaithe ar chomharthaí an Dubline.

Tagairtí cuir in eagar