An Chamóg

abhainn in Éirinn

an Chamóg[1] ar cheann de na haibhneacha is mó i mBaile Átha Cliath. Tá sí ar cheann de na ceithre chraobh-abhainn na Life a chuir go mór le fás agus forbairt i luathstair na cathrach.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Chamóg
Íomhá
CineálAbhainn Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie116701 Cuir in eagar ar Wikidata
Foinse
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh
SuíomhAn Life Cuir in eagar ar Wikidata

Cúrsa cuir in eagar

Éiríonn an Chamóg in Móin Seiscinn, soir ó dheas ó Theach Sagard in iardheisceart Bhaile Átha Cliath. Sníonn sí trí ghleann siar ó dheas ó Tamhlacht agus ar aghaidh trí an Caisleán Nua, Coill an Rí agus faoin bóthar N7. Ó shin, ritheann an abhainn ar aghaidh i dtreo Chluain Dolcáin, áit ina mheascann sí le locháin iascaireachta i gcroílár Pháirc Chorcaí.

Leanann an Chamóg ar aghaidh taobh le sráidbhaile Chluain Dolcáin agus ansin soir go buaileann sí leis an Chanáil Mhór in Inse Chór. Ritheann sí ó shin taobh thiar de Phríosún Chill Mhaighneann, sula buaileann sí leis an Life taobh le Stáisiún Heuston, beagán suas an abhainn ó Droichead Seán Heuston.

Tagairtí cuir in eagar