An Mhuiríoch

baile fearainn i gContae Ciarraí (Corca Dhuibhne)

Sráidbhaile beag scaipthe tuaithe is ea an Mhuiríoch[1] i nGaeltacht Chontae Chiarraí in Éirinn.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Mhuiríoch

Suíomh
Map
 52°11′35″N 10°22′10″W / 52.193072°N 10.369561°W / 52.193072; -10.369561
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie22687

Suíomh cuir in eagar

Tá an Mhuiríoch suite ar imeall thoir Chuan Ard na Caithne, i dtírdhreach dhroimneach ar ardluach i nGaeltacht Chontae Chiarraí. Tá fána réidh leis an talamh ón taobh thoir i dtreo na trá thiar. Tá an lonnaíocht suite ciliméadar ó Bhaile na nGall agus tá sé nasctha go feidhmeach le Baile na nGall agus leis an mBóthar Buí. Tá an Mhuiríoch suite naoi chiliméadar siar ó thuaidh ó Dhaingean Uí Chiúis ar Bhealach Cheann Sléibhe R559 – bóthar tábhachtach turasóireachta atá ann.

Daonra cuir in eagar

Cuid de thoghroinn ceantair Chill Maoilchéadair is ea an Mhuiríoch. Bhí 511 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2006.

Feidhmeanna cuir in eagar

Ionad beag comhtheagmhála áitiúil don phobal tuaithe máguaird is ea an sráidbhaile. Tá scoil náisiúnta, halla pobail, siopa, cúirt leadóige atá as úsáid, agus faichí peile agus clubtheach de chuid An Ghaeltacht, CLG, ann. Ní féidir a rá go ngabhann an trácht turasóireachta ar Bhealach Cheann Sléibhe, ná an trá bhreá féin, chun leasa na lonnaíochta mórán. Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl sa halla pobail le linn an tsamhraidh. Faoi mar a tharlaíonn in áiteanna eile sa cheantar, foinse thábhachtach ioncaim is ea an t-iostas a sholáthraíonn teaghlaigh le haghaidh na scoláirí seo.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  1. An Mhuiríoch/Murreagh | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.