Baile na nGall (Contae Chiarraí)

ionad daonra i gContae Chiarraí

Sráidbhaile iascaireachta in Éirinn is ea Baile na nGall.[1] Tá an ceantar suite ar an taobh thoir de Chuan Ard na Caithne, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí (ciliméadar siar ó thuaidh ó shráidbhaile na Muirí). Tá an baile suite ag crosbhóthar, laistigh de ghréasán de bhóithre logánta (L-8031-0, L-12044-0, L-5006-0).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile na nGall

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°11′27″N 10°22′29″W / 52.1908°N 10.3747°W / 52.1908; -10.3747
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde247 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1165468

Ainm cuir in eagar

Fearann na gCoimhthíoch is brí le Baile na nGall. Meastar gurbh iad na Lochlannaigh na Gaill atá i gceist, mar bhí Cuan Ard na Caithne ina lonnaíocht Lochlannach fadó.

Daonra cuir in eagar

Cuid de Thoghroinn Ceantair Chill Maoilchéadair is ea Baile na nGall. Sa bhliain 2006 bhí 511 duine sa TC sin. Ceaptar gurb ionann daonra buanchónaithe Bhaile na nGall agus timpeall trian den daonra samhraidh a bhíonn ann. Is í an talmhaíocht an fhoinse fostaíochta is mó sa cheantar.

Feidhmeanna cuir in eagar

Sráidbhaile iascaireachta agus turasóireachta don chuid is mó is ea Baile na nGall. Tá nascanna láidre aige le sráidbhailte eile sa cheantar, mar shampla An Mhuiríoch, An Bóthar Buí agus an Fheothanach.

Áiseanna agus Seirbhísí cuir in eagar

Tá réimse bhunúsach seirbhísí le fáil i mBaile na nGall: oifig phoist, siopa agus dhá theach tábhairne. Tá oifigí Raidió na Gaeltachta suite lastuaidh de Bhaile na nGall. Tá dhá bhunscoil i ngar don bhaile (ar an Muiríoch agus ar an bhFeothanach) agus tá séipéal ag an mBóthar Buí. Tá tithe saoire (idir shingil agus ilfhorbairtí) ann fós. Tá trá agus cé ag Baile na nGall a bhfuil teacht go héasca orthu. Ionad comhtheagmhála atá ann le haghaidh an phobail agus na gcuairteoirí a thagann go dtí an baile, agus is maith an áis taitnimh é freisin. Cuireadh fad leis an gcé le déanaí. Tá stáisiún garda cósta suite os comhair na cé.

Caisleán Ghallarais cuir in eagar

Caisleán Ghallarais suite i mBaile na nGall, ciliméadar ó Aireagal Ghallarais (ó Shéipéilín Ghallarais). Suíomh oidhreachta atá ann. Ba iad na Gearaltaigh a thóg an foirgneamh seo, sa 15ú céad. Cheann den mbeagán caisleán atá fós ar an leithinis atá ann. Túr cheithre urlár atá ann le síleáil bhogtha ar an gceathrú urlár. Ní féidir aon cheann de na forbhallaí a fheiceáil anois áfach. Tá go leor oibre chaomhnaithe déanta ar an gcaisleán agus tá lánrochtain ar an taobh istigh. Cuireadh doras isteach sa bhalla thuaidh. Bhí rochtain i dtosach báire ar an dara urlár. Ní mhaireann an struchtúr cosanta a bhí dhá urlár chun tosaigh áfach, ach is féidir rian de a fheiceáil ar an mballa seachtrach.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  1. Baile na nGall/Ballynagall or Ballydavid | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.