An Pod Polaitiúil
Podchraoladh is ea An Pod Polaitiúil ó fhoireann Raidió na Gaeltachta ar a mbíonn "tráchtairí polaitíochta éagsúla i gcuideachta an láithreora Máirín Ní Ghadhra gach seachtain" is ag cur "téamaí, iomaitheoirí agus dáilcheantair na tíre faoi scrúdú".[1][2]
Foirm cheoil | podchraoladh |
---|---|
Cumadóir | Raidió na Gaeltachta |
Teanga an tsaothair nó an ainm | An Ghaeilge |
Seánra | Cúrsaí reatha, polaitíocht, daonlathas |
Cuid de | Raidió na Gaeltachta |
Codanna | eagrán amháin sa tseachtain |
Taibheoir | Máirín Ní Ghadhra |
Céadléiriú | |
Céadléiriú | 15/11/2024 |
Bíonn na scéalta móra agus beaga á bplé ar an bpodchraoladh leis "an t-eolas is déanaí faoi na vótaí, tacaíocht na n-iarrthóirí éagsúla agus staid na bpáirtithe a chur i láthair an phobail."[3][2]
Rogha saineolaithe polaitíochta a bhíonn acu ar gach eagrán le cabhrú leis an lucht éisteachta "léargas a fháil ar céard atá dá rá ag pobal na hÉireann faoina gcuid mianta polaitiúla."[2]
Is iad na tráchtairí a bhí ar an gcéad eagrán ná Eoghan Ó Neachtain, saineolaí chaidreamha poiblí agus iar-rúnaí preasa rialtais, agus John Downing, colúnaí leis an Irish Independent.[2]
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh oifigiúil
- Cláraigh leis in aip podchraoltaí ar bith leis an bhfotha RSS, nó ar Apple nó Spotify
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ RTÉ (11 Samhain 2024). "Fógartha ag RTÉ go ndéanfar clúdach cuimsitheach ar Olltoghchán 2024, ar an Teilifís, ar an Raidió agus ar Líne, chun muintir na hÉireann a choinneáil ar an eolas roimh Lá na Vótála". RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Samhain 2024. Dáta rochtana: 17 Samhain 2024.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Máirín Ní Ghadhra (15 Samhain 2024). "RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbun sraith podcraoltaí toghcháin". RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Samhain 2024. Dáta rochtana: 17 Samhain 2024.
- ↑ "An Pod Polaitiúil" (en). RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Samhain 2024. Dáta rochtana: 17 Samhain 2024.
Is síol faoi phodchraoladh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |