Tuairimí Toghcháin (podchraoladh)
podchraoladh ar pholaitíocht na hÉireann
Podchraoladh is ea Tuairimí Toghcháin ón seirbhís nuachta Tuairisc ina mbíonn na "scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag foireann Tuairisc agus aíonna speisialta". Cuireadh tús leis i mí na Samhna 2024 agus an stocaireacht ó dheas faoi lán seoil, agus bíonn sé á léiriú ag Méabh Ní Thuathaláin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí ó stiúideo an nuachtáin i mBearna.[1]
Foirm cheoil | podchraoladh |
---|---|
Cumadóir | Tuairisc.ie |
Teanga an tsaothair nó an ainm | An Ghaeilge |
Seánra | Cúrsaí reatha, polaitíocht, daonlathas |
Cuid den tsraith | Tuairisc Ó Bhéal |
Cuid de | Tuairisc.ie |
Codanna | dhá eagrán sa tseachtain |
Taibheoir | Méabh Ní Thuathaláin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí |
Céadléiriú | |
Céadléiriú | 12/11/2024 |
I measc na n-aíonna a bhí ar an bpodchraoladh go dtí seo tá na hiriseoirí John Downing agus Cathal Mac Coille, an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an léachtóir Norita Ní Chartúir agus an craoltóir Máirín Ní Ghadhra.[1][2][3]
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Eip 1: 12/11/2024
- Eip 2: 15/11/2024
- Cláraigh leis ar Spotify, YouTube, Podchraoltaí Apple, agus gach aip podchraoltaí eile ach an URL le haghaidh Apple a úsáid
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "PODCHRAOLADH: ‘Ar chúis éigin, cuireann Fine Gael drochthús i gcónaí le feachtais toghcháin’". Tuairisc.ie (12 Samhain 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Samhain 2024. Dáta rochtana: 17 Samhain 2024.
- ↑ "PODCHRAOLADH: Fianna Fáil taobh thiar i nGaillimh, tuairimí Uí Chuív agus saol an pholaiteora". Tuairisc.ie (15 Samhain 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Samhain 2024. Dáta rochtana: 17 Samhain 2024.
- ↑ "Cur i gcéill agus cairdeas – tréithe a léiríonn laige agus neart sa chóras polaitiúil". Tuairisc.ie (16 Samhain 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Samhain 2024. Dáta rochtana: 17 Samhain 2024.
Is síol faoi phodchraoladh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |