An Scéim Mháthar agus Linbh

Scannal polaitiúil in Éirinn sna 1950idí a bhí sa Scéim Mháthar agus Linbh,[1] nó an Scéim Máithreacha agus Leanaí, reachtaíocht a thabharfadh cúram leighis saor in aisce do mháithreacha agus leanaí. Ní bheadh aon rud róchonspóideach ansin do mheon aigne an lae inniu. Ach sna 1950idí, nuair a chuir na dochtúirí agus an Eaglais Chaitliceach i gcoinne na scéime, bhí port na scéime seinnte.[2]

Lucht taistil, 1946, Máthair agus Leanbh

Cúlra cuir in eagar

Páirtí polaitiúil radacach ab ea Clann na Poblachta, a bunaíodh sa bhliain 1946. Ba é Seán Mac Giolla Bhríde ceannaire an pháirtí. Bunaíodh an chéad rialtas idirpháirtí tar éis an olltoghcháin 1948. Tháinig Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Páirtí an Lucht Oibre Náisiúnta, Clann na Poblachta, Clann na Talmhan agus roinnt Teachtaí neamhspleácha le chéile chun Fianna Fáil a chur as oifig. Fuair an Clann dhá áit sa chomh-aireacht - ceapadh Seán Mac Giolla Bhríde mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus ceapadh Nollaig de Brún mar Aire Sláinte.

Acht Sláinte 1947 cuir in eagar

Thóg an rialtas Fianna Fáil an tAcht Sláinte 1947[3] isteach tar éis dóibh Páipéar Bán a ullmhú. Ach níor thóg siad an tríú chuid den Páipéar isteach roimh an olltoghchán sa bhliain 1948.

NHS

Sa Bhreatain, bunaíodh an NHS sa bhliain 1948, agus seirbhísí sláinte saor in aisce do chách. Mar sin féin, bhí Comhlachas na Lianna Míochaine ina choinne ar dtús.

Eitinn cuir in eagar

Bhí drugaí nua ar fáil (vacsaín BCG agus an pheinicillin, mar shampla). Bhí na drugaí nua ábalta galair éagsúla a leigheas, rud a bhí dodhéanta roimhe sin. Chuir de Brún scéim scagthástála don eitinn ar bun a bhí saor in aisce don phobal. Dhíol sé acmhainní na roinne chun íoc as a fheachtas, a d'ísligh go mór ráta na heitinne in Éirinn.

Géarchéim cuir in eagar

Thaitin an tAcht Sláinte 1947 le de Brún. Rinne sé iarracht cuid III den Páipéar Bán a chur i bhfeidhm, a d'éirigh an Scéim Mháthar agus Linbh níos déanaí. Chuirfeadh an scéim cúram sláinte saor in aisce ar fáil, coincheap radacach ag an am. Ach chuir an Eaglais agus na dochtúirí in aghaidh na scéime. Níor thacaigh na hairí rialtais eile le de Brún. Bhí easaontas sa Chlann maidir leis an scéim freisin - bhí an Eaglais go mór in éadan na scéime agus níor thacaigh Seán Mac Giolla Bhríde le de Brún.

D'éirigh de Brún as an rialtas agus as an gClann sa bhliain ar an 11 Aibreán 1951 nuair nár thacaigh an rialtas leis an Scéim Máthar agus Linbh.

 

Oidhreacht cuir in eagar

Cé gur theip ar de Brún leis an Scéim Mháthar agus Linbh, chuir an chéad rialtas eile (rialtas Fhianna Fáil) roinnt de na polasaithe céanna i bhfeidhm. Ar 29 Deireadh Fómhair 1953, ritheadh an tAcht Sláinte in Éirinn.[4] D'éirigh an tsláinte saor in aisce, réabhlóid ag an am. Ach bunchúram amháin a bhí i gceist. Tháinig an ASS (Árachas Sláinte Saorálach) nó VHI isteach sa bhliain 1957, agus cúram sláinte dhá leibhéal.

Bhí iarmhairtí fadtréimhseacha ag baint leis an scannal do Browne féin agus dá chlann; dúirt sé go raibh sé an-deacair dóibh scoil a fháil don bheirt chailíní a bhí aige. An t-amhras agus doras an doichill a bhí rompu i measc na bunaíochta agus cuid den phobal.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""an Scéim Mháthar agus Linbh"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-08-06.
  2. 2.0 2.1 Breandán M Mac Gearailt (6 Lúnasa 2023). "Fear ann féin a bhí chun tosaigh ar lucht a linne – léargas nua ar Noël Browne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-06.
  3. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "AN tACHT SLÁINTE, 1947" (ga). www.acts.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-03-28. Dáta rochtana: 2022-10-29.
  4. Tithe an Oireachtais (1952-12-11). "An tAcht Sláinte, 1953 – Uimh. 26 de 1953 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-10-29.
  5. Houses of the Oireachtas (2019-11-06). "Oireachtas TV documentaries – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2023-08-06.