An tSeirbia agus Montainéagró

Stát in oirdheisceart na hEorpa a bhí sa tSeirbia agus Montainéagró (Seirbis: Србија и Црна Гора, Srbija i Crna Gora). Bunaíodh an stát sa bhliain 1992 nuair a tháinig deireadh le PCS na Iúgslaive. D'aontaigh an dá stát úd an tSeirbia agus Montainéagró le chéile tar éis titim na hIúgslaive.

Léarscáil na Seirbia agus Mhontainéagró agus foroinnte na tíre luaite uirthi.

Poblacht Chónaidhme na Iúgslaive (Seirbis: Савезна Република Југославија, Savezna Republika Jugoslavija) a glaodh ar an stát nua ar dtús. Ach ar 4 Feabhra 2003 bhí stádas an stáit athruithe mar aontas stáit faoin ainm Aontas Stáit na Seirbia agus Mhontainéagró (Seirbis: Државна заједница Србија и Црна Гора, Državna zajednica Srbija i Crna Gora).

Tháinig deireadh leis an stát i Mí Mheitheamh 2006 i ndiaidh reifreann i Montainéagró ar son neamhspleáchais.