An tSraith ar Lár (Cnuasach Gearrscéalta)

leabhar le Máirtín Ó Cadhain

Gearrscéalta agus nóibhille Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain a d'fhoilsigh Sáirséal agus Dill sa bhliain 1967 is ea An tSraith ar Lár. Chuir Cló Iar-Chonnachta atheagrán amach faoi chlúdach bog sa bhliain 2009.

WD Bosca Sonraí LeabharAn tSraith ar Lár
Cineálbailiúchán gearrscéalta Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMáirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1967 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirSáirséal Ó Marcaigh

Foilsíodh an leabhar ceithre bliana déag tar éis Cois Caoláire, agus chaith Ó Cadhain an t-am idir foilsiú an dá leabhar i mbun agóidíocht ar son cúiseanna éagsúla.

Scéalta an Chnuasaigh cuir in eagar

Ealaíon an Chlúdaigh cuir in eagar

Anne Yeats a dhear an clúdach. Dúch miotalach airgid a úsáideadh leis an gcúlra liath a dhéanamh agus dar le léirmheastóirí oireann sé don phictiúr pinn agus dúigh.

I gCnuasaigh eile cuir in eagar

Roghnaíodh an scéal Beirt Eile mar chuid den chnuasach Gearrscéalta an Chéid a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta sa bhliain 2000. Chuir Gearóid Denvir agus Aisling Ní Dhonnachadha an cnuasach in eagar.

Léirmheastóireacht cuir in eagar

Dar le roinnt rinne an Cadhnach scríbhneoir nua-aoiseach de féin sa tréimhse sular foilsíodh an leabhar seo. Dar leo gur léir an Cadhnach a bheith tagtha in inmhe mar scríbhneoir ann. Díríonn sé ar an gcathair agus ar mhuintir na cathrach seachas an tuath agus ar an nGaeltacht sa chnuasach den chuid is mó. Na fir seachas na mná is mó a dhíríonn sé isteach orthu sa chnuasach seo. Bhuaigh an leabhar seo duais £2,000 ón bhForas Gael-Mheiriceánach i mbliain a fhoilsithe.