An tSuvaisis
Teanga Tuircice is ea an tSuvaisis a labhraítear taobh thiar de na Sléibhte Úralacha i lár na Rúise. Tá sí ina teanga oifigiúil i bpoblacht fhéinrialaitheach na Suvaise, arb í Cheboksary a príomhchathair, agus í suite idir Kazan agus Nizhniy Novgorod. Tugann lucht a labhartha Чӑвашла nó Čăvašla ar a dteanga féin. Níl na tuairiscí ag teacht le chéile faoi líon na gcainteoirí, ach is féidir glacadh leis go bhfuil an tSuvaisis ag níos mó ná aon mhilliún duine. Tá stór focal na Suvaisise breac le hiasachtaí ón Rúisis, ó na teangacha Finne-Úgracha agus ó na teangacha Iaránacha, agus is í an aibítir Choireallach a úsáidtear le hí a bhreacadh síos. Tá an tSuvaisis an-difriúil leis na teangacha Tuircice eile, agus í dothuigthe ag a gcainteoirí. An chuid eile de na teangacha Tuircice, bíonn siad sách intuigthe ag cainteoirí a chéile, agus mar sin, is féidir a rá nach teanga Tuircice í an tSuvaisis sa ghnáthchiall, ach gur chóir grúpa níos sine a phostaláidiú a mbeadh an tSuvaisis agus an tSean-Tuircic ina mbaill de. Is é sin, d'fhorbair na teangacha Tuircice eile as an tSean-Tuircic, ach cé go bhfuil an tSuvaisis gaolmhar leis an tsean-Tuircic, ní aisti a d'fhorbair sí. D'fhéadfá a rá, más deirféaracha dá chéile iad na teangacha Tuircice eile, gurb í an tSuvaisis an aintín.
Чăваш чĕлхи | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 738,070 (2024) |
Á labhairt | An tSuvais, Moscó, an Tatarstáin, Baiscíria, Cúige Shamara, Cúige Ulyanovsk, Cúige Sharatov, Críoch Krasnoyarsk agus Cúige Orenburg |
Dúchasach do | An tSuvais |
Stáit | an Rúis, an Úcráin, an Chasacstáin agus an Úisbéiceastáin |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teangacha Tuircice Oghuric (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Chuvash alphabet (en) agus Aibítir Choireallach |
Institiúid caighdeánaithe | Chuvash State Institute of Human Sciences (en) |
Leibhéal leochaileachta | 3 cinnte i mbaol |
Cóid | |
ISO 639-1 | cv |
ISO 639-2 | chv |
ISO 639-3 | chv |
Glottolog | chuv1255 |
Ethnologue | chv |
UNESCO | 338 |
IETF | cv |
Críostaithe is ea na Suvaisigh de ghnáth, má tá aon chreideamh ar leith acu. Mar sin, ní raibh gá acu leis na téarmaí Moslamacha a bhíonn le fáil sna teangacha Tuircice eile. Agus an méid sin ráite, tá cuid mhaith focal Araibise agus Peirsise i ngnáthúsáid sa tSuvaisis.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |