Anatoly Sobchak
Scoláire dlí agus polaiteoir de chuid na Rúise ab ea Anatoly Aleksandrovich Sobchak (10 Lúnasa 1937 – 19 Feabhra 2000).
Múinteoir ceannasach carasmatach ab ea é; bhí sé mar mheantóir do Vladimir Putin (a bhí ina chomhghleacaí sóisearach leis in Ollscoil Stáit Leningrad) agus do Dmitry Medvedev (duine dá iar-mhic léinn).
Méara ar Chathair Pheadair ab ea Sobchak ó 1991 go dtí 1996, agus Vladimir Putin ag obair dó. Ach fuair Sobchak anbhás faoi chúinsí amhrasacha sa bhliain 2000.
Saol
cuir in eagarCéimí de chuid Ollscoil Stáit Leningrad (Ollscoil Stáit St Petersburg faoi láthair) ab ea Sobchak.[1] D'oibrigh sé ansin mar dhlíodóir ar feadh trí bliana sular fhill sé ar an ollscoil chun staidéar a dhéanamh ar a chéad dhochtúireacht dlí, a fuair sé sa bhliain 1965.
Tar éis dó a bheith ag múineadh in institiúidí eile ar feadh ocht mbliana, d'fhill sé ar Ollscoil Stáit Leningrad, áit a raibh sé ina ollamh comhlach (1973-81), ina ollamh (1982-90) agus ina cheannasaí ar roinn an dlí eacnamaíoch (1985-90).
Sa bhliain 1989 a toghadh mar bhall neamhspleách de Chomhdháil Theachtaí an Phobail den Aontas Sóivéadach é agus chuaigh sé i gcomhghuaillíocht le Boris Yeltsin agus Andrei Sakharov. Toghadh do Chomhairle Cathrach Leningrad i mí Aibreáin 1990 é agus rinneadh cathaoirleach na comhairle de an mhí dár gcionn. I mí an Mheithimh 1991, ba é an chéad mhéara a toghadh go díreach sa chathair. Athainmníodh an chathair mar St Petersburg ag an am céanna trí reifreann (le tacaíocht láidir ó Sobchak).
Bhí Sobchak ina chathaoirleach ar an gcoiste a dhréachtaigh bunreacht reatha Chónaidhm na Rúise, lenar glacadh sa bhliain 1993.
Chaill Sobchak toghchán an mhéara sa bhliain 1996 le méid beag agus cúisíodh in éilliú é an bhliain dár gcionn, rud ar ar bhreathnaigh sé agus a lucht tacaíochta mar iarracht an seans a bhí aige Uachtaránacht Chónaidhm na Rúise a bhaint amach a chur ó chrích.
Chaith Sobchak na blianta 1997-1999 ar deoraíocht i bPáras. Ach thosaigh feabhas ag teacht ar chúrsaí leis, ó thaobh a shaoil phearsanta pholaitiúil nuair a thosaigh Vladimir Putin ag teannadh isteach le ceannas polaitiúil na Rúise.
D'fhill sé an Rúis roinnt seachtainí sula ndearnadh Príomh-Aire na tíre de Putin, i ndiaidh do na cúisimh ina choinne a bheith tarraingthe siar.
Le linn na míonna a bhí fágtha dá shaol, thug Sobchak tacaíocht ríthábhachtach d'fheachtas Putin a bheith tofa ina Uachtarán ar an Rúis sa bhliain 2000.
Bás
cuir in eagarFuair Sobchak anbhás agus in aois 62 bliain dó. Thit na gardaí cosanta tinn ag an am céanna. Dúradh go bhfuair Sobchak bás de bharr taom croí agus go raibh fadhb fhadtéarmach aige leis. Ach creideadh go forleathan abhus ag an am gur d’aon ghnó a nimhíodh
Fiosraíodh ráflaí gur dhúnmharaigh a chéilí comhraic polaitíochta é. Níor thángthas ar aon chinneadh críochnaitheach riamh.
Tionchar
cuir in eagarBhí iníon Sobchak, Ksenia Sobchak, ina iarrthóir ag toghchán uachtaránachta na Rúise 2018.
Cé gur chuir sí í féin chun tosaigh mar chéile comhraic ag Putin, ceistíodh go forleathan an raibh a hiarrthóireacht ina fíordhúshlán roimh an Uachtarán, mar gheall ar a dhlúthchaidreamh polaitiúil pearsanta a bhí aige lena hathair.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Anatoly Sobchak" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-18.
- ↑ "The day Putin cried" (en-GB). BBC News (2018-03-05). Dáta rochtana: 2021-02-18.