Is amhránaí Beilgeach í Angèle Van Laeken (Fuaimniú Fraincise: [ɑ̃ʒɛl] agus Ísiltírise: [vɑn ˈlaːkə(n)]). Rugadh ar an 3 Nollaig 1995 í. Is í ceann de na hamhránaithe is mó i bpopcheol na Fraince agus na Beilge.[1] Sháraigh sí an churiarracht a bhí ag Stromae ar feadh seachtainí as bheith ar bharr cairt shingil na Beilge leis an singil "Tout Oublier" lena deartháir Roméo Elvis.[2]

Infotaula de personaAngèle

(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Angèle Joséphine Aimée van Laeken
3 Nollaig 1995
28 bliana d'aois
Uccle (an Bheilg)
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteAngèle Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreNa taibhealaíona
Gairmpianódóir, DJ producer (en) Aistrigh, mainicín, ban-aisteoir, aisteoir gutha, amhránaí is scríbhneoir, ealaíontóir taifeadta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2015 –
SeánraChanson agus popcheol
Faoi thionchar
TeangachaAn Fhraincis, Béarla agus an Ollainnis
UirlisPianó, ceol gutha agus méarchlár ceoil
Teaghlach
AthairMarka  agus Laurence Bibot
SiblínRoméo Elvis
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinangelevl.be Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm9820747 Allocine: 871646
Facebook: angeleouenpoudre Twitter: angele_vl Instagram: angele_vl Youtube: UCiP2tOO8zRo47GFd5rc8rkA TikTok: angele_vl Souncloud: angelevl Spotify: 3QVolfxko2UyCOtexhVTli iTunes: 1373339414 Last fm: Angèle Musicbrainz: dcd4701d-64ec-443d-bfbf-73fc87c44bd6 Songkick: 9273664 Discogs: 5226023 Allmusic: mn0003626948 Deezer: 1042268 Cuir in eagar ar Wikidata

Gairm cuir in eagar

Eisíodh a céad singil "La Loi de Murphy" i ndeireadh 2018 agus fuair sé na milliún d'amhairc ar YouTube. Eisíodh an dara singil "Je veux tes yeux"[3] go luath i 2018. Stiúradh an dá ghearrthóg físe ag an ngrianghrafadóir Beilgeach Charlotte Abramov.[4]

I mí Lúnasa 2018, d'fhógair sí traicliosta a céad albam Brol.[1] Eisíodh an t-albam ar an 5 Deireadh Fómhair 2018, an lá céanna agus a singil dísréid lena deartháir, Roméo Elvis. Bhí an-rath ar an albam agus tugadh cuireadh di canadh ar roinnt cláir teilifíse sa Fhrainc. Chaith an singil, "Tout Oublier", 9 seachtaine ag uimhir a haon ar na cairteanna Ultratop sa Bheilg, ag briseadh na curiarrachta a bhí ag an amhránaí Stromae.[2]

I 2019, bhí Angèle mar ceann de na hamhránaithe is mó tóir uirthi sa Fhrainc agus sa Bheilg agus dhearbhaigh sí a feimineachas leis an amhrán "Balance ton quoi", ag déanamh tagartha ar an ngluaiseacht #MeToo. Ghlac Pierre Niney páirt san fhíseán in éineacht le cairde Angèle ag caint faoi na troideanna a bhí ag a cairde mná i dtaobh fir. D'éirigh Angèle ina ambasadóir do Chanel ina dhiaidh.[5]

I mí Deireadh Fómhair 2020, glacadh grianghraf d'Angèle in éineacht le hamhránaí Dua Lipa ar seit le haghaidh físeán ceoil. Níos déanaí fógraíodh comhoibriú le chéile agus beidh sé ar atheisiúint an albaim nua ó Lipa Future Nostalgia. Eisíodh an t-amhrán "Fever" ar an 30 Deireadh Fómhair 2020 leis an bhfíseán ceoil ag teacht amach seachtain ina dhiaidh. Roimh eisiúint an fhíseáin, d'fhógair Lipa ar na meáin shóisialta go mbeadh Angèle ag glacadh páirte mar aoi speisialta ar a ceolchoirm beoshrutha Studio 2054 ar 27 Samhain 2020.[6]

I 2021 rinne Angèle a céad pháirt sa scannán Annette, stiúrtha ag Leos Carax.

Saol Pearsanta cuir in eagar

Rugadh Angèle van Laeken ar an 3 Nollaig 1995, in Uccle, i réigiún na Bruiséile. Is amhránaí é a hathair darbh ainm Marka agus is aisteoir í a máthair. Is rapálaí é a deartháir, Roméo Elvis.

Spreag a hathair í an pianó a sheinm, rud a spreag a gairm ceoil.[7]

Ó 2017 go 2019, chuaigh sí amach leis an damhsóir agus cóiréagrafaí Francach Léo Walk.

I mí Lúnasa 2020, d'fhógair Angèle ar Instagram go raibh sí ag dul amach leis an aisteoir Francach Marie Papillon.[8] Scar siad an bhliain dar gcionn. Roimhe sin, foilsíodh pictiúir díobh ag nuachtán táblóideach na Fraince Public i 2019, agus ansin pléadh iad ar an gclár cainte Touche pas à mon poste !, gan chead uaithi agus ag scaipeadh an scéil faoina gnéasacht. Ina clár faisnéise ar Netflix i 2021, dheimhnigh sí a déghnéasacht.[9] Níos déanaí, i mí na Bealtaine 2023, dúirt sí go raibh sí panghnéasach.

Camchuairteanna cuir in eagar

 
Angèle ar stáitse sa Fhrainc i 2022
  • Brol Tour (2018–2020)
  • Nonante-Cinq Tour (2022–2023)

Dioscliosta cuir in eagar

Albaim cuir in eagar

Teideal Bliain Cairteacha
BE

(An Vallúin)[10]

BE

(Flóndras)[11]

CH[12] FR[13]
Brol 2018 1 1 7 1
Nonante-Cinq 2021 1 3 6 2

Singlí cuir in eagar

Teideal Bliain Cairteacha Albam
BE

(An Vallúin)[10]

BE

(Flóndras)[11]

CA[14] CH[12] DE[15] FR[13] GB[16] IE[17]
"La Loi de Murphy" 2017 5 22 42 Brol
"Je veux tes yeux" 2018 16 25 60
"La Thune" 9 39 15
"Jalousie" 12 26
"Tout oublier"

(le Roméo Elvis)

1 6 55 1
"Balance ton quoi" 2019 1 13 33 2
"Flou" 2 20 34
"Perdus" 10 65 58 8 Brol La Suite
"Oui ou non" 2 9 11 3
"Ta reine" 2020 25 16 Brol
"Fever"

(in éineacht le Dua Lipa)

1 1 49 9 85 1 79 36 Future Nostalgia
"Bruxelles je t'aime" 2021 1 3 50 8 Nonante-Cinq
"Démons"

(le Damso)

2 31 5
"Libre" 2022 3 19 85 31
"Amour, haine et danger" 8 45 82
"Évidemment"

(le Orelsan)

10 65 4 Civilisation
"Le temps fera les choses" 2023 30 188 Nonante-Cinq
"Plus de sens" 35 50

Scannánliosta cuir in eagar

Scannán cuir in eagar

Bliain Teideal Páirt Nótaí
2019 Toy Story 4 Gabby Gabby (guth) French dubbing
2021 Annette Six Accuser's member
Space Jam: A New Legacy Lola Bunny (guth) French dubbing
Angèle Í féin Clár Faisnéise
2023 Asterix & Obelix: The Middle Kingdom Panacea (Falbala)

Teilifís cuir in eagar

Bliain Teideal Páirt Nótaí
2020 La Flamme Anna 2 eipeasóid
2021 Marie et les Choses Barmaid 1 eipeasóid

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Découvrez Angèle, la jeune chanteuse belge phénomène" (fr-FR). www.rtl.fr (2018-07-06). Dáta rochtana: 2023-08-19.
  2. 2.0 2.1 P.-Y.P (2023-08-19). "Angèle détrône Stromae" (fr). La Libre.be. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  3. "Angèle – Je veux tes yeux [CLIP OFFICIEL]". YouTube (2018-01-31).
  4. "La photographe Charlotte Abramow nous parle d'Angèle, de féminisme et de spaghettis". Les Inrockuptibles.[nasc briste go buan]
  5. "Angèle Is The New Face of Chanel's 2021 Eye Makeup Campaign" (en-US). V Magazine (2021-07-06). Dáta rochtana: 2023-08-19.
  6. Dua Lipa [@DUALIPA]. "I'm so excited to announce @angele_vl as the first of many special guests joining me for Studio 2054! FEVER VIDEO OUT TOMORROW UK: 1PM FR: 2PM // Get ur tickets now!". Twitter.
  7. "Angèle : l'interview "première fois" | JACK" (fr). YouTube. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  8. "Angèle fait son coming out sur Instagram - têtu·" (fr-FR). https://tetu.com/ (2020-08-10). Dáta rochtana: 2023-08-19.
  9. ""Hanouna m'a outé": Angèle revient sur son coming out "volé" dans son docu" (fr). Le HuffPost (2021-11-12). Dáta rochtana: 2023-08-19.
  10. 10.0 10.1 "Discographie Angèle - ultratop.be" (fr). www.ultratop.be. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  11. 11.0 11.1 "Angèle Van Laeken - ultratop.be" (nl). www.ultratop.be. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  12. 12.0 12.1 "Angèle - hitparade.ch" (de). hitparade.ch. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  13. 13.0 13.1 "lescharts.com - Discographie Angèle" (fr). lescharts.com. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  14. tolsen (2013-01-02). "Billboard Canadian Hot 100" (en-CA). Billboard. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  15. "Suche - Offizielle Deutsche Charts" (de). www.offiziellecharts.de. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  16. "Official Singles Chart on 6/11/2020 | Official Charts" (en-GB). officialcharts.com. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  17. "Official Irish Singles on 6/11/2020 | Official Charts" (en-GB). officialcharts.com. Dáta rochtana: 2023-08-19.

Naisc sheachtracha cuir in eagar