Anthony Bourdain
Ba chef mór le rá, údar agus pearsa theilifíse Meiriceánach é Anthony Michael Bourdain (a rugadh ar 25 Meitheamh 1956 agus a fuair bás ar 8 Meitheamh 2018). bhain cáil mhór amach mar thoradh ar an gcur chuige ar leith a bhí aige, cur chuige a mhúscail dáimh leis i measc lucht féachana na gcláracha teilifíse a bhí aige agus i measc lucht léite a chuid leabhar.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Anthony Michael Bourdain 25 Meitheamh 1956 Nua-Eabhrac, New York |
Bás | 8 Meitheamh 2018 61 bliana d'aois Kaysersberg-Vignoble, An Fhrainc |
Siocair bháis | Féinmharú (Crochadh) |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Francaigh agus na Giúdaigh |
Reiligiún | Aindiachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Vassar The Culinary Institute of America at Hyde Park (en) Dwight-Englewood School (en) |
Áit chónaithe | Manhattan |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Bruith |
Suíomh oibre | Nua-Eabhrac |
Gairm | cócaire, scríbhneoir aistí, taistealaí, iriseoir, láithreoir teilifíse, úrscéalaí, chef, scríbhneoir, léiritheoir teilifíse |
Tréimhse oibre | 2002 – 2018 |
Fostóir | Brasserie Les Halles (1998–2002) |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Nancy Putkoski Ottavia Busia |
Páirtí | Asia Argento (2017–2018) |
Suíomh gréasáin | britannica.com… |
|
Saol
cuir in eagarRugadh Bourdain i gCathair Nua-Eabhrac, agus d'fhás sé aníos in Leonia, New Jersey. Eagarthóir de chuid an New York Times ab ea a mháthair, agus d'oibrigh a athair d'fhoilsitheoir cheoil. Ba de chúlra Francach Caitliceach é a athair agus de chúlra Giúdach í a mháthair. Rinne Anthony staidéar tríú leibhéil i gColáiste Vassar agus in Culinary Institute of America, an dá áit seo suite i ngleann an Hudson i stát Nua-Eabhrac.
I measc na ngnéithe sin a bhain cáil amach dó i rith a shaoil, d'fhoilsigh sé an saothar Kitchen Confidential agus trí bliana agus dhá scór d’aois aige, an obair iomráiteach a rinne sé mar láithreoir le CNN, an andúil a bhí aige agus an caidreamh a bhí aige le hAsia Argento[2] ó 2016 ar aghaidh.
Bhí de bhua aige a bheith ábalta léargas a bhí éagsúil lena raibh ar fáil go dtí sin a thabhairt ar an mbia. Ceannródaí ab ea é ó thaobh an tionchair a d’imir sé ar an tuiscint agus an meas atá againn ar an mbia sa lá atá inniu ann.[1]
Ba andúileach é Bourdain agus chuir sé lámh ina bhás féin sa Fhrainc ar an 8 Meitheamh 2018.
In Éirinn
cuir in eagarTháinig Bourdain go hÉirinn faoi dhó. Bhí sé in Éirinn mar chuid den chlár No Reservations, agus arís ina dhiaidh sin mar chuid den chlár The Layover. Tharraing sé aird ar chadal Bhaile Átha Cliath agus cuairt aige ar The Gravediggers i mBaile Átha Cliath, áit ar ith sé babhla de. Shínigh sé leabhar na gcuairteoirí in The Gravediggers mar seo a leanas: “Your pig’s feet are sublime, your coddle is amazing! Heaven looks just like this!”.[1]
Saothar
cuir in eagar- An tsraith teilifíse Parts Unknown
- An leabhar Kitchen Confidential: Adventures in the Culinary Underbelly.
Féach freisin
cuir in eagar- Roadrunner: A Film About Anthony Bourdain. Scannán faisnéise a chuimsíonn léargas ar shaol agus ar shaothar Anthony Bourdain.[3] Rinneadh cáineadh ar an domhainbhrionnú a deineadh ar ghuth Bourdain in áiteanna éagsúla sa scannán.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Oisín Uíbh Eachach (2022-05-24). "'Léargas maith ar dhuine a d'fhág a lorg ar an saol'" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-05-28.
- ↑ "Asia Argento" (as en) (2024-05-19). Wikipedia.
- ↑ "Roadrunner: A Film About Anthony Bourdain" (as en) (2024-04-23). Wikipedia.