Aodh Ó Ceallaigh

rí Uí Mhaine

Ochtú rí is fiche Uí Mhaine agus cúigiú Ceann na Fine ba ea Aodh Ó Ceallaigh (bás 1134).

Infotaula de personaAodh Ó Ceallaigh

Cúlra cuir in eagar

Maraon le roinnt ríthe Uí Mhaine eile den linn seo, is doiléir é réimeas Aodha. Dar le John O'Donovan, tá mearbhall staire ann, agus b'fhéidir gur tógadh ginealach amháin mar ríliosta.

Ní fios go cruinn a áit sna ginealaigh, rud a chuireann cíor thuathail na ríochta in úil tar éis réimis fhada na ríthe, Tadg Mór Ua Cellaigh (986-1014) agus a mhac, Concobar mac Taidg Ua Cellaigh (1014-1030). Glaoitear Aed mac maic Taidhg h-Úi Cellaig air, ach ní fios go cruinn cé hé an Tadhg atá i gceist.

Stádas Uí Mhaine cuir in eagar

Faoina 1130í, bhí an ríocht faoi ghéillsine Toirdhealbhaigh Uí Chonchúir, rí na gConnacht.

Tharla Cath Chaille Cobhtaigh sa bhliain 1131, le linn réimeas Aodha. Insítear sna hannála:[1]

Maidhm Chaille Cobhtaigh for Shíol Muiredhaigh ria n-Uachtar Connacht iarna t-techt for crech isin Mumhain, co t-tarla tria meraithne[2] etorra co f-farcsat a n-gabhála.
Maidhm Chaille Cobhthaigh ar Shíol Mhuireadhaigh ag Uachtar Chonnacht [.i. Uí Mhaine], an chéad a tháinig chun creiche insan Mumhain, tharla de thaisme eatarthu, fágadh a ngabhála.

Cogadh 1132 cuir in eagar

Sa bhliain 1132, tharla i Máenmaige, an chuid is sia siar den ríocht:[3]

Creach Maonmaighe la Conchobhar Ua m-Briain co rug bú iomdha lais.

B'fhéidir é go raibh Aodh i láthair ag Abhaill Cheithearnaigh agus é ina ghéillsineach:[4]

Comhdhál la Toirrdhealbhach Ua Concobhair, & lá Conchobar Ua m-Briain co maithibh cleireach Connacht & Mumhan oc Abhaill Cethernaigh, & síth bliadhna do dhénamh eatorra.
Comhdháil idir Toirdhealbhach Ó Conchúir agus Conchúr Ó Briain, agus taoisigh chléireach na gConnacht agus na Mumhan ag Abhaill Cheithearnaigh, agus suíochán bhliana do dhéanamh eatarthu.

Bás cuir in eagar

Fuair Aodh bás an bhliain chéanna is Muireadhach Ua Flaithbheartaigh, rí Mhaigh Sheola. Ní fios an raibh ceangal éigin idir bás na beirte: mar thoradh ruathar Uí Bhriain; aighneas comharbachta dispute; ní eile.

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Gerard Madden, History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
  • Joseph Mannion, The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
  • Denis Walsh, Uí Mhaine
  • Dan P. McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí cuir in eagar

  1. ACM 1131.13
  2. mer, Compounds (b), ar eDIL
  3. ACM 1132.8
  4. ACM 1133.14


Réamhtheachtaí
Dunchadh Ua Cellaigh
Rí Uí Mhaine
?–1134
Comharba
Diarmaid Ua Madadháin