Tadhg Mór Ó Ceallaigh

rí Uí Mhaine
(Athsheolta ó Tadg Mór Ua Cellaigh)

Séú rí is tríocha Uí Mhaine agus céad Cheann na Fine ba ea Tadhg Mór Ó Ceallaigh (bás iiii).

Infotaula de personaTadhg Mór Ó Ceallaigh
Beathaisnéis
Bás1014 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteConchúr mac Taidhg Ó Ceallaigh, Murchadh Ó Ceallaigh, Diarmaid mac Taidhg Ó Ceallaigh, Tadhg 'an Bastard' Ó Ceallaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMurchadh mac Aodha

Cúlra cuir in eagar

Tháinig Tadhg i gcomharbacht ar Muirgheas mac Domhnaill, a d'éag i mbun catha sa bhliain 986.

Ba é Tadhg an chéad rí Uí Mhaine a ghlac an sloinne Ó Ceallaigh, ainmnithe as a sheanathair féin, Ceallach mac Finnachta, agus é féin de shliocht sa séú glúin Eoghain Fhinn, agus iad uile de shliocht na céad rí, Maine Mór.

Beatha cuir in eagar

Is amhlaidh go raibh Tadhg ar an bhfód i gcathanna Loch Rí (987) agus an slógadh cuid Teamhraigh sa bhliain 999. Comhghuaillí Bhriain Bóramha ba ea Tadhg in éadan rí na Mí, Maol Seachnaill mac Domhnaill (975-1022) agus beirt ríthe Chonnacht, Cathal mac Conchúir mhic Thaidhg (973-1010) agus Tadhg an Eich Ghil (1010-1030).

Rinne sé cleamhnas le Briain nuair a d'éirigh deirfiúr leis ina bean chéile Bhriain. Neartaigh a stádas nuair a d'éirigh Brian ina Ardrí sa bhliain 1002. Chuaigh sé ina theannta go dtí Áth Cliath sa bhliain 1014, áit a throid agus a d'éag sé i gCath Chluain Tarbh.

Sean-nós cuir in eagar

 
Armas Uí Cheallaigh ag Mainistir Thuilsce, Contae Ros Comáin

D'inis John O'Donovan sean-nós maidir le harmas Uí Cheallaigh a bhí ann go forleathan sa 19ú haois. Feictear enfield ar an armas, agus creideadh gur tháinig sé as an bhfarraige ag Cath Chluain Tarbh chun corp Thaidhg a chosaint óna Lochlannaigh.

Dar le O'Donovan, glaodh Tadhg Catha Bhriain ar sna hannála.

Sliochtaigh cuir in eagar

Nó de shliocht Taidhg nó de sloinne Uí Cheallaigh a bhí gach rí Uí Mhaine seachas duine amháin (Diarmaid Ó Madáin), go dtí gur éirigh Feardhorcha Ó Cellaigh as an teideal go déanach sa 16ú haois. Sa lá atá inniu ann, is é Count de Grallagh et Tyrcooley a shliochtaigh shinsearachta.[1] Is coitianta é an sloinne fós sa cheantar (Contae na Gaillimhe), de shliocht uile Cheallaigh mhic Fhionnachta.

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Gerard Madden, History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
  • Joseph Mannion, The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
  • Denis Walsh, Uí Mhaine
  • Dan P. McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí cuir in eagar


Réamhtheachtaí
Muirgheas mac Domhnaill
Rí Uí Mhaine
985–1014
Comharba
Concobar mac Taidg Ua Cellaigh