Aodh Buí Mac Cruitín

file agus ársaitheoir Éireannach

File, teagascóir agus saighdiúir ab ea Aodh Buí Mac Cruitín (c.1680–1755).[1] Bhí Mac Cruitín ar dhuine de na filí ba bhisiúla ó Chontae an Chláir a scríobh i rith an 18ú céad, cé gur chaith sé tréimhsí i mBaile Átha Cliath agus ar mhór-roinn na hEorpa.

Infotaula de personaAodh Buí Mac Cruitín
Beathaisnéis
Breith1680
Bás1755
74/75 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaSeacaibíteachas
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

I gCill Mhic Creiche in aice le Lios Ceannúir, in iarthar an Chláir, a rugadh é. Ba de shliocht teaghlach fileata as Thuamhain Mac Cruitín. Conchubhar Óg ab ainm dá athair. Bhí a mhuintir ina n-ollúna le seanchas ag na Brianaigh, príomhtheaghlach an Chláir, leis na cianta. D’fhoghlaim sé Béarla agus Gaeilge óna athair agus bhí ar scoil ag a fhear gaoil, Aindrias Mac Cruitín, agus bhí in ann Laidin a léamh. Dhealródh an scéal gur chaith sé tamall i gCiarraí agus é ina ógfhear. Phós Aodh agus bhí beirt iníonacha aige.

D’aistrigh sé go Baile Átha Cliath tuairim 1713 agus chaith deich mbliana ann. Bhí sé ina bhall den ghrúpa arbh iad an triúr ba thábhachtaí díobh Tadhg Ó Neachtain, Risteárd Tuibear, agus Aodh féin; is dóigh gurbh é an scoláire ba mhó orthu é; ‘an crann os coill’ an cur síos air i ndán Thaidhg (‘Sloinfead scothadh na Gaoidheilge grinn’)

Chum Aodh Buí idir dhánta siollacha do phátrúin, amhráin pholaitiúla do phobal níos leithne, agus dornán aistí ar théamaí pearsanta I measc baill eile dá theaghlach bhí an ceoltóir, Gilla Duibin Mac Cruitín (d’éag 1405), agus na filí Aindrias Mac Cruitín (c.1650-c.1738) agus Séamus Mac Cruitín (1815-1870).

Dánta cuir in eagar

  • A Cholainn Chorra
  • Marbhna Thiarna an Chláir
  • Daoithe an Éithigh
  • Do Mheathadar Gaeil
  • Cuir Srian led Ghrá
  • Beannaigh an Bárc
  • Tabhair Foscadh Dom
  • Fada do Léan a Leabharáin
  • An Cuireat
  • A Bhanba is Feasach Dom do Scéala
  • Ar Chlann Tomáis
  • Dá nDearbhadh Bean
  • Barántas Aodha Bhuí
  • Glaisbhirt Chúipid
  • Do Thadhg Mac Conmara
  • Aodh Bhuí i bhFlóndras
  • Tréigid bhur dTromshuan
  • Aisling na dTrí Ré


Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • Aodh Buí Mac Cruitín, curtha in eagar ag Vincent Morley, Field Day Publications, 2012, x + 133 lgh.
  • Éire agus Cúis na Seacaibíteach, 1685-1766: Ceangal Marfach, lch. 137, 151, 152, 154, 162, 163, 250, 260, 261, Éamonn Ó Ciardha, Four Courts Press, 2001, 2004.

Naisc sheachtracha cuir in eagar