Art Mac Cumhthaigh
File Gaeilge ab ea Art Mac Cumhthaigh (nó Ó Cofaigh, nó Mac Cumhthaigh, nó Ó Cumhaigh - is é "Mac Cumhaigh" an leagan a úsáideann Tomás Ó Fiaich sa díolaim a chuir sé in eagar don Chlóchomhar thar cionn Éigse Oirialla sa bhliain 1973).[1] Saolaíodh an file i bparóiste an Chreagáin i gContae Ard Mhacha sa bhliain 1738, agus fuair sé bás sa bhliain 1773. Chónaigh sé i dtír Uí Néill tar éis Ré na bPátrún, agus dá bhrí sin d'obair sé mar spailpín ar feadh a shaoil.
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Art Mac Cumhaigh |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 1738 |
Bás | 1773 34/35 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Teangacha | An Ghaeilge |
D'fhág sé fiche éigin de dhánta againn, ach is í an aisling úd Úirchill an Chreagáin an ceann is cáiliúla acu. Bhí sí le cloisteáil ó sheanchaithe na háite a fhad is a mhair Gaeilge á labhairt i gContae Ard Mhacha, agus is gnách a rá gurb í "amhrán náisiúnta Dheisceart Ard Mhacha" í.
Leabharliosta
cuir in eagar- Art Mac Cumhaigh: Dánta. Tomás Ó Fiaich a chuir in eagar. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath, a d'fhoilsigh do Choiste Éigse Oirialla. An chéad chló 1973, an dara cló 1981.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC CUMHAIGH, Art (c.1738–1773) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |