Vincent Morley

staraí agus scríbhneoir Éireannach

Státseirbhíseach, scoláire agus staraí is ea Vincent Morley.

Infotaula de personaVincent Morley
Beathaisnéis
BreithBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ollscoil Learphoill Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Suíomh gréasáinvmorley.org Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: vmstarai Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Is i mBaile Átha Cliath a rugadh agus a tógadh Vincent Morley. Ghnóthaigh sé bunchéim sa stair (COBÁC, 1989), máistreacht i léann na hÉireann (COBÁC, 1992), agus dochtúireacht sa stair (Ollscoil Learphoill, 1999).

Chaith sé sealanna ag taighde i gcomhair fhoclóir beathaisnéise an Acadaimh Ríoga agus ina léachtóir staire in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sé ag obair sa tseirbhís phoiblí ón mbliain 2004 i leith.

Tá suim ar leith aige i stair na hÉireann san 18ú céad.

Saothair cuir in eagar

  • Cúrsaí Staire, Coiscéim, 2018[1]
  • Ó Chéitinn go Raiftearaí Mar a Cumadh Stair na hÉireann, Coiscéim, 2011[2]
  • The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland, CUP[3]
  • Crann os Coill: Aodh Buí Mac Cruitín, c.1680-1755.
    Scrúdaíonn an t-údar tuairimí an fhile seo agus dearcadh an phobail "i ré an Hidden Ireland". D'fhoilsigh Coiscéim é sa bhliain 1995.
  • Irish Opinion and the American Revolution, 1760-1783. Cambridge University Press, hb 2002, pb 2007.
  • Washington i gCeannas a Ríochta: Cogadh Mheiriceá agus Litríocht na Gaeilge.
    Sa bhliain 2005 a d'fhoilsigh Coiscéim an leabhar seo agus is anailís é ar chnuasach d'amhráin agus de dhánta a cumadh le linn tréimhse an chogaidh i Meiriceá.

Is iomaí alt agus páipéar atá scríofa aige faoi stair na hÉireann.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cúrsaí Staire le Vincent Morley". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-09-13.
  2. "Ó Chéitinn go Raiftearaí Mar a Cumadh Stair na hÉireann Vincent Morley". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-09-13.
  3. Ciarán Mac Murchaidh (2018-11-30). "The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland" (as ga). COMHARTaighde (4). doi:10.18669/ct.2018.09. ISSN 2009-8626.