Trodaithe eachtracha in Óglaigh Daonlathacha na Siria

Chuaigh na céadta trodaithe eachtracha isteach in Óglaigh Dhaonlathacha na Siria (SDF) sa bhliain 2012 agus níos déanaí, nuair a thosaigh an Páirtí Cumannach Marxach-Lenineach (an Tuirc) (MLKP) ag seoladh cuid dá chomhaltaí chun cuidiú leis na hAonaid um Chosaint an Phobail (YPG) Coirdis, le linn Cogaidh cathartha na Siria.[1] B'iad daoine ón Tuirc (seachas Coirdínigh na Tuirce, nach measann Coirdínigh na Siria iad mar eachtrannaigh) an náisiúntacht is mó ina measc, agus Meiriceánaigh agus Sasanaigh ina dhiaidh sin.

Baill den Chathlán Idirnáisiúnta Saoirse ag sochraid trodaire Pháirtí Cumannach Marxach-Lenineach (An Tuirc) Ayşe Deniz Karacagil i Reilig na Mártan, Kobanî, Iúil 2017

Ghlac na trodaithe eachtracha seo páirt i bhfeachtais éagsúla an SDF le linn na coimhlinte.

Tháinig siad le chéile chun Rojava a chosaint ó Stát Ioslamach na hIaráice agus an Levant agus Poblacht na Tuirce.

B'é an Cathlán Idirnáisiúnta Saoirse (IFB) an grúpa trodaithe eachtracha is mó san SDF, agus an Tabúr Idirnáisiúnta YPG ina dhiaidh sin. Uaireanta ionchúisítear óglaigh Eorpacha ina dtíortha dúchais as dul isteach sa SDF.[2][3][4] Cuireadh cuid acu i bpríosún.[5] Ba é Jordan Matson an chéad óglach eachtrach a tharraing aird idirnáisiúnta air.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Interview with YPG Commander Cihan Kendal" (en-GB). We are Plan C. Dáta rochtana: 2021-02-09.
  2. "Terrorism policing: the YPG/YPJ, an ally abroad but a danger at home?" (en). openDemocracy. Dáta rochtana: 2021-02-09.
  3. "UK treatment of Kurdish YPG volunteers under fire after terror case dropped" (en). The Independent (2020-07-10). Dáta rochtana: 2021-02-09.
  4. Ryan GallagherRyan GallagherJuly 10 2017, 8:36 A.m. "Josh Walker Fought Against ISIS. He Almost Got Killed. Now He’s Charged With Terrorism." (en). The Intercept. Dáta rochtana: 2021-02-09.
  5. "Man arrested at Luton airport under terror laws fought against Isis in Syria" (en). The Independent (2018-12-31). Dáta rochtana: 2021-02-09.