An Stát Ioslamach
Is é atá sa Stát Ioslamach (giorraithe mar SI), nó ISIS, Daesh, Daish, srl.[1] ná eagraíocht Silafi jiohádach a bhaineann úsáid as foréigean agus sceimhlitheoireacht chun a gcuspóirí polaitiúla agus creidimh a chur i gcrích. An Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint (SIIL) a thugtar air freisin i measc roinnt leaganacha eile den ainm (mar shampla, (ISIS–K ó Khorasan).
|
|||||
Mana | باقية وتتمدد | ||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Ioslam | ||||
Sonraí | |||||
Ainm gearr | ISIS, ISIL, IS, دَاعِش, EI, EII, EIIL, IS, EIIL, EIIS, IŜIL, IŜIS, ИГ, ИГИ́Л, ІД, ІДІЛ, ІД, IДIЛ, İŞİD, IŞİD, İD, EI, ИД, ИДИЛ, ISIL, ISIS, IS, ΙΚ, ISIL, ISIS, IS, EIIL, EIIS, EI, SI, PI, IPIL, ĞŞİD, ISHID, ID, דאע״ש, ԻԼԻՊ, ԴԱԻՇ, ИМ, ИШИМ, ÏM agus ÏŞÏM | ||||
Cineál | eagraíocht sceimhlitheoireachta eagraíocht armtha stát Ioslamach cailifeacht (2014–) | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | jiohádachas Ioslamachas | ||||
Teanga oifigiúil | an Araibis | ||||
Stair | |||||
Téann in áit | Stát Ioslamach na hIaráice Al-Qaeda in Iraq (en) Mujahideen Shura Council (en) Jama'at al-Tawhid wal-Jihad (en) | ||||
Dáta a bunaíodh | 1999: Jama'at al-Tawhid wal-Jihad (en) 2006: Stát Ioslamach na hIaráice | ||||
Bunaitheoir(í) | Abu Musab al-Zarqawi agus Abu Bakr al-Baghdadi | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
10 Meitheamh 2014 4 Meitheamh 2014-10 Meitheamh 2014 | Fall of Mosul (en) | ||||
Lúnasa 2014 | Sinjar massacre (en) | ||||
25 Meitheamh 2014 5 Meitheamh 2014-25 Meitheamh 2014 | 2014 Northern Iraq offensive (en) | ||||
29 Meitheamh 2015 25 Meitheamh 2015-29 Meitheamh 2015 | Kobanî massacre (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Uachtaránacht | Abu Bakr al-Baghdadi (2013–2019) Abu Ibrahim al-Hashimi al-Qurashi (2019–2022) Abu al-Hasan al-Hashimi al-Qurashi (2022–2022) Abu al-Hussein al-Husseini al-Qurashi (2022–2023) Abu Hafs al-Hashimi al-Qurashi (2023–) | ||||
Ceannaire an Stáit Ioslamaigh | Abu Hafs al-Hashimi al-Qurashi | ||||
Foilsiú inmhéanach | Áisíneacht Nuachta Amaq | ||||
Fochomhlacht | An Stát Ioslamach sa Libia Islamic State in Somalia (en) Islamic State in the Greater Sahara (en) Sheikh Omar Hadid Brigade (en) Jund al-Khilafah (en) Islamic State – Najd Province (en) Islamic State – Central Africa Province (en) Islamic State – Caucasus Province (en) Islamic State – Yemen Province (en) Islamic State – Sinai Province (en) Islamic State – Khorasan Province (en) Abu Sayyaf (en) (2014–) Boko Haram (2015–) | ||||
Cuid de | Al-Qaeda (2004–2014) | ||||
I measc na n-eagraíochtaí agus na dtíortha a aithníonn an Stát Ioslamach mar ghrúpa sceimhlitheoireachta, tá na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe, an Rúis, an Tuirc, an Indinéis, agus araile. Tá 60 tír ag troid le SI ar bhealach díreach nó indíreach. Deir SI go bhfuil údarás acu ar Mhoslamaigh ar fud an domhan, ach diúltaíonn grúpaí Moslamacha a leithéid SI mura mbíonn siad faoin smacht SI.
Tá an SI nasctha sa Nigéir agus tíortha Afraiceacha eile le Boko Haram. 'Cúige na hAfraice Thiar' an t-ainm a thugann SI ar na limistéir atá faoi smacht Boko Haram.
Raison d'être
cuir in eagarTá SI i gcoimhlint leis an Iarthar, agus na Stáit Aontaithe go háirithe, mar gheall ar an tacaíocht a dtugtar don stát Iosrael, cúpla réimse deachtóireachta sa Mheánoirthear, agus na bunáiteanna a bhí ag na Meiriceánaigh san Araib Shádach, an tír ina bhfuil na cathracha Meice agus Medina suite.
Tá SI i gcoimhlint le Moslamacha eile chomh maith, agus an dearcadh 'liobrálach' atá acu.
Eachtraí
cuir in eagarSna 2010idí, thug IS go leor den Mheánoirthear faoina smacht, ... bhí smacht ag an Stát Ioslamach ar oirthear na Siria (móide codanna beaga eile den tír chéanna), cuid mhaith d’iarthar na hIaráice, agus áiteanna scaipthe sa Libia agus sa Nigéir. Bhí suas le 10 milliún duine faoina riail ar feadh tamaillín. Thug lucht SI “an Chailifeacht” ar a riail. Sa mbliain 2014 bhí go leor cainte sna meáin faoin slad a bhí ISIS a dhéanamh ar ghrúpa beag Iasaídeach (Yazidi) a bhí ina gcónaí thart ar chathair Sinjar i dtuaisceart na hIaráice.[2] Bhí SI á ndíbirt seo as a dtithe agus as a ngabháltais. Maraíodh breis is 3000 fear agus seanduine de na Yazidi. Díoladh breis is 6000 bean agus a bpáistí ar mhargaí sclábhaíochta is gnéis. A gcoir – gur ainchreidmhigh a bhí iontu nár ghéill d’Ioslam.[2]
I mí Iúil na bliana 2014, ghabh fórsaí SI Mosul, cathair san Iaráic, agus scrios siad Mosc Yunus (Ióna sa traidisiún Críostaí) in éineacht le mosc eile ón 13ú céad agus scrín Chríostaí ón 14ú céad.[3]
In 2015 scriosadh fothracha ársa i bPalmyra sa Siria.
Ar an 27 Eanáir 2019 rinne IS ionsaí ar an ardeaglais Chaitliceach in Jolo, Sulu, sna hOileáin Fhilipíneacha,
I mBealtaine 2021, maraíodh 68 duine ar a laghad in ionsaí buamála ar scoil do chailíní i gCabúl
Ar 26 Lúnasa 2021, maraíodh 182 duine ar a laghad, páistí ina measc, de bharr ionsaí buamála de chuid IS ar Aerfort Chabúl san Afganastáin [4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Is It ISIS or ISIL? | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2024-03-25.
- ↑ 2.0 2.1 Máire Ní Fhinneadha (19 Deireadh Fómhair 2018). "Beag cantal a chuirfidh easpa Gaeilge ar bhileoga ná Brexit ort i dteannta ‘The Beekeeper of Sinjar’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-31.
- ↑ "Extreme Wahhabism on Display in Shrine Destruction in Mosul".
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-08-26). "13 duine maraithe in ionsaí buamála ag Aefort Chabúl" (as ga).
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- "ISIS: Portrait of a Jihadi Terrorist Organization" – Tuairisc PDF ón Intelligence and Terrorism Information Center.