Cogadh Cathartha na Siria

Thosaigh Cogadh Cathartha na Siria (Araibis: الحرب الأهلية السورية‎‎, Al-ḥarb al-ʼahliyyah as-sūriyyah) sa bhliain 2011. Bhris agóidí ar son an daonlathais amach sa tSiria ar an 15 Márta 2011.[1] Bhí an deachtóir Bashar al-Assad i gcumhacht agus chuir a rialtas na hagóidí faoi chois gan taise.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCogadh Cathartha na Siria
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 35° N, 38° E / 35°N,38°E / 35; 38
Cineálcogadh cathartha
proxy war (en) Aistrigh
communal violence (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn tEarrach Arabach agus Arab Winter (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse15 Márta 2011 - 
Tíran tSiria Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
CúisAn tEarrach Arabach Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis lespillover of the Syrian civil war (en) Aistrigh
international reactions to the Syrian civil war (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna570,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Léigear Daraa
Khan Shaykhun chemical attack (en) Aistrigh
Battle of Baghuz Fawqani (en) Aistrigh
2019 Turkish offensive into north-eastern Syria (en) Aistrigh
Fall of the Assad regime (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Fógraíodh go raibh an cogadh thart nuair a chuir Léig na nArabach fáilte roimh an tUachtarán agus deachtóir Assad i mí na Bealtaine 2023.[2] Theith Bashar al-Assad an tír sa bhliain 2024 agus thosaigh ré nua sa tír.[3]

Maraíodh b'fhéidir 306,000 sibhialtach ar a laghad idir 2011-2021.[1] Seans go bhfuair 600,000 bás in iomlán.[4] Theith os cionn 14 milliún de dheasca na coimhlinte, agus 6/7 milliún thar lear, ceann de na géarchéimeanna teifeach is measa sna 2010idí (an cogadh sa tSúdáin an ceann eile). Bhí níos mó ná 6 milliún fágtha gan dídean sa tSiria le linn na mblianta seo.[1]

Ghouta sa bhliain 2013: Sléacht as éadan
Físeán: dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn sa bhliain 2015
Físeán: diúracán cúrsála Kalibr agus Onyx sa bhliain 2016
Físeán: ionsaithe de chuid Iosael, 2020-11-19
Físeán: 4 Eanáir 2019ː ionsaithe aeir dírithe ar Daesh

2011 agus Earrach na nArabach

cuir in eagar

In 2011 chuir an t-uachtarán al-Assad faoi chois go brúidiúil éirí amach síochánta ar son an daonlathais. Tar éis d'fhórsaí slándála urchair a scaoileadh leis an lucht agóide, tháinig méadú as cuimse ar an bhforéigean agus cuireadh briogáidí reibiliúnacha le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhórsaí an stáit.[5] D'éirigh ‘Earrach na nArabach’ ina gheimhreadh dorcha sa tSiria.

Chuir sin tús le cogadh cathartha uafásach inar maraíodh os cionn leathmhilliún duine. B’éigean do 12 milliún duine teitheadh ón mbaile

Ba rí-ghairid go raibh sé ina chogadh cathartha le grúpaí éagsúla ag tnúth le titim an réimis.

Seach-chogaí

cuir in eagar
Físeán: Rex Tillerson agus an Rúis, 2017

Bhí seach-chogaí (‘proxy’) ​ann ar feadh na mblianta. I measc na ngrúpaí agus na dtíortha a bhí páirteach sna ‘cogaí sin’, bhí an Rúis, an Iaráin, an Tuirc, Iosrael, Meiriceá, an Fhrainc, an Bhreatain, An Araib Shádach, Catar agus an Liobáin, agus airm eile, go mór mór Hezbollah, ISIS agus al-Nusra.

Bhí stát de facto bainte amach ag an grúpa ainrialach, Coirdíneach an YPG/J i dtuaisceart na tíre. Agus bhí stát uathlathach, ‘Ioslamach’ bunaithe in oirthear na tíre ag lucht ISIS ag pointe amháin.

Sheas an tUachtarán Bashar al-Assad an fód. Bhí arm láidir aige agus cabhair aige ó throdairí Hezbollah ón Liobáin, ón Rúis agus ón Iaráin.[6]

Ar 20 Lúnasa 2012, d'fhógair Barack Obama, uachtarán na Stát Aontaithe, “Tá ár gcuid bunphrionsabal againn; ní thig liom glacadh le cogaíocht cheimiceach”

Ach bliain amháin níos déanaí, ar 20/21 Lúnasa 2013, dáta siombalach, rinne fórsaí Assad ionsaí ceimiceach ar Ghouta sa tSiria. Chinn Obama faic a dhéanamh, volte face náireach.[7] Bhain Vladimir Putin, uachtarán na Rúise, leas as an áiméar sin agus lean an cogadh ar aghaidh ar feadh cúpla bliain eile ar dhéine íseal.

Deireadh ré

cuir in eagar

I mí na Samhna / Nollag 2024. chuir ionsaí tobann ó ghrúpaí reibiliúnacha Ioslamacha deireadh le réimeas mhuintir Assad a bhí ann le 54 bhliain (ó 1970). Bhí an grúpa Hayat Tahrir al-Sham (HTS), a bhí ceangailte tráth le Al Qaeda, i gceannas ar an gceannairc.

D'fhág bua na gceannairceach go raibh na milliúin duine ábalta filleadh abhaile ó champaí géibhinn sa Liobáin, sa Tuirc agus san Iordáin.[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 UNHCR. "Syria Refugee Crisis Explained". www.unrefugees.org. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  2. "The Arab League clears the Assad regime" (en). Le Monde.fr (2023-05-09). Dáta rochtana: 2023-08-20.
  3. 3.0 3.1 "Tugtar Bashar al-Assad agus aon duine a rinne ainghníomh sa tSiria chun an dlí – na Náisiúin Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-09). Dáta rochtana: 2024-12-19.
  4. "Casualties of the Syrian civil war" (as en) (2024-12-17). Wikipedia. 
  5. An tAontas Eorpach (2016-06-16). "A decade of opportunities and challenges" (en). European Union. Dáta rochtana: 2020-12-18.
  6. Ruairí Henchy (2016). "Cúig bliana i ndiaidh ‘Earrach na nArabach’ an bhfuil deireadh ag teacht le geimhreadh an uafáis sa tSiria?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  7. "Authorization for the Use of Military Force Against the Government of Syria to Respond to Use of Chemical Weapons" (as en) (2023-08-07). Wikipedia.