Aistriú neamh-amhantrach cistí ó mhargadh amháin go margadh eile is ea arbatráiste,[1] chun tairbhe a bhaint as difríochtaí i rátaí úis, i rátaí malairte, nó i bpraghsanna tráchtearraí idir dhá mhargadh.[2] Bíonn an t-aistriú neamh-amhantrach mar nach n-athróidh arbatráisteoir ó mhargadh amháin go margadh eile ach nuair is eol dó na rátaí nó na praghsanna sa dá mhargadh agus nuair is mó an brabús atá le déanamh ná costais na hoibríochta.

Arbatráiste staitistiúil le dhá stoc
Arbatráiste triantánach

Cineálacha éagsúla cuir in eagar

Arbatráiste geografach cuir in eagar

Cleachtas trádála lena gceannaítear earraí, urrúisairgeadra, srl i margadh geografach amháin chun é a dhíol i gceann eile áit a bhfuil praghas níos airde le fáil air.

Arbatráiste coinbhéirseach cuir in eagar

Tá an t-arbatráisteoir ag súil le coinbhéirseacht sa mheán, nó cúlú ar an meán de ghnáth.

 
Arbatráiste ar na margaí airgeadais

Arbatráiste íoc is iompair cuir in eagar

Straitéis trádála arbatráiste i margaí (tráchtearraí nó airgeadais de ghnáth) trína socraítear réamhphraghsanna agus praghsanna todhchaíochtaí a bheith cothrom leis an spotphraghas reatha móide na costais a bhaineann lena thabhairt ar aghaidh go dtí am seachadta.

Arbatráiste triantánach cuir in eagar

Gníomhaíocht chun buntáiste a ghnóthú de bharr na difríochta i gcás nach ionann na praghsanna sa mhargadh agus an praghas ba chóir a bheith ann le cothromaíocht.[3]

Arbatráiste úis faoi chumhdach cuir in eagar

Infheistíocht in urrús margaidh airgid eachtrannaigh agus réamhdhíol comhuaineach an airgeadra ina bhfuil an t-urrús sin ainmnithe.

 
táille shiarchuir

Arbatráiste rialála cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): arbatráiste” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-12.
  2. ""arbatráiste"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-12-26.
  3. ""arbatráiste triantánach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-12-28.