Astaíochtaí gás ceaptha teasa
Is iad astaíochtaí gáis nó cáithníní a scaoiltear isteach san aer agus a fhéadfaidh cur le téamh domhanda nó le droch-cháilíocht aeir.[2] Is éard atá i gceist le astaíochtaí gás ceaptha teasa[3] (nó astaíochtaí carbóin uaireanta) ná gáis a cheapann teas ó dhromchla an domhain, rud a chruthaíonn téamh san atmaisféar íochtarach agus a chuireann moill ar chailliúint fuinnimh ón domhan.[4] Is iad dé-ocsaíd charbóin, meatán agus ocsaíd nítriúil na gáis ceaptha teasa is mó is cúis leis an athrú aeráide. Baintear úsáid as an téarma ‘astaíochtaí carbóin’ uaireanta chun tagairt a dhéanamh do gach gás ceaptha teasa.[5]
Foinsí
cuir in eagarCruthaítear astaíochtaí carbóin nuair a scaoiltear gáis áirithe isteach san aer trí bhíthin gníomhaíochtaí amhail breoslaí iontaise a dhó le haghaidh fuinnimh. Ina measc tá gáis amhail dé-ocsaíd charbóin agus meatán. Is amhlaidh sin mar gheall go bhfuil carbón sa dá ghás sin. Mar shampla, scaoileann carranna gáis chontúirteacha (astaíochtaí) amhail aonocsaíd charbóin isteach san aer.[2]
Tagann tuairim is 30% de líon iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda ó tháirgeadh agus caitheamh bia. Tá meatán ó dhíleá na n-ainmhithe san áireamh anseo. Ina theannta sin, nuair a chuirimid dramhaíl chuig láithreáin líonadh talún, tarlaíonn truailliú, bolaithe agus astaíochtaí gás ceaptha teasa.[6] Cuireann an cur amú bia le hastaíochtaí gás ceaptha teasa chomh maith, ag cruthú 3.3 billiún tonna C02 gach bliain.[7]
Bíonn tionchar níos lú ag bia plandúil ar an gcomhshaol agus timpeallacht ná mar a bhíonn ag bia ainmhíoch. Cuireann bia ainmhíoch níos mó astaíochtaí ar fáil. Mar sin, má ithimid níos mó glasraí, cnónna agus piseánach agus níos lú den fheoil phróiseáilte agus den fheoil dhearg, beidh níos lú astaíochtaí i gceist.
In Éirinn
cuir in eagarBhí sé dearbhaithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) sa bhliain 2024 nach gcomhlíonfaidh Éire a cuid dualgas dlíthiúil idirnáisiúnta maidir le hathrú aeráide idir 2022 go 2030,[8] fiú amháin dá gcuirfí plean gnímh[9] an Rialtais i bhfeidhm ina iomláine agus in am. Sháraigh beagnach gach earnáil in Éirinn an t-uasmhéid astaíochtaí carbóin a bhí leagtha síos dóibh in 2025 agus in 2030. Talmhaíocht, tionsclaíocht agus leictreachas na hearnálacha is mó is ciontach.
Soilsítear sa réamhaisnéis, cuir i gcás, an t-ardú de réir a chéile ar phraghas peitril agus díosail a gealladh le súil daoine a mhealladh leis an inneall dócháin inmheánaigh a thréigean. Dar leis an nGCC, áfach, ní raibh ann ach caint agus ní raibh polasaí ar bith ag an Rialtas maidir le praghas peitril agus díosail a ardú go mór.[10]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ ● Source for carbon emissions data: Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
● Source for country population data: Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". - ↑ 2.0 2.1 gov.ie. "Astaíochtaí" (ga-IE). Treoir ar Bhéarlagair Aeráide. Dáta rochtana: 2024-05-29.
- ↑ Béarla: greenhouse gas emissions (GHG)
- ↑ gov.ie. "Astaíochtaí gás ceaptha teasa / GHG" (ga-IE). Treoir ar Bhéarlagair Aeráide. Dáta rochtana: 2024-05-29.
- ↑ gov.ie. "Astaíochtaí carbóin" (ga-IE). Treoir ar Bhéarlagair Aeráide. Dáta rochtana: 2024-05-29.
- ↑ Maria Randles agus Maria Kennelly (2018). "#ithpleanáilmair Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí" (ga-IE). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-27. Dáta rochtana: 2024.
- ↑ stopfoodwaste.ie (2024). "Why avoid food waste ?". Dáta rochtana: 2024.[nasc briste go buan]
- ↑ citizensinformation.ie (2024-05-29). "Ireland's targets to reduce air pollution, 2022-2030". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-05-29. Dáta rochtana: 2024-05-29.
- ↑ gov,ie (2024-05-11). "Climate Action Plan 2021". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-05-11. Dáta rochtana: 2024-05-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-28). "Astaíochtaí carbóin a laghdú: 'ní bhainfidh Éire sprioc amach'" (as ga-IE).