Athmhíleatú ar Dhúiche na Réine
Tharla Athmhíleatú ar Dhúiche na Réine ar an 7 Márta 1936, nuair a cháin Adolf Hitler Comhaontú Locarno agus sheol sé 15,000 saighdiúir agus 22,000 póilín ón nGearmáin isteach i nDúiche na Réine. Bhí an réigiún, ar an teorainn leis an Fhrainc, ina chrios maolánach “dímhíleataithe” ag an am sin. Sheas na Comhghuaillithe i leataobh, áfach.[1]
| ||||
Cineál | conspóid idirnáisiúnta | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 7 Márta 1936 | |||
Suíomh | Dúiche na Réine, An Ghearmáin | |||
Imeachtaí
cuir in eagarNí raibh cead ag arm na Gearmáine dul isteach i nDúiche na Réine faoi Chomhaontú Locarno mar go raibh an Fhrainc buartha faoi ionsaí ón Ghearmáin.
Chuir Adolf Hitler tús leis an chéad sárú míleata ar Chonradh Versailles ar 7 Márta 1936 áfach. D’ordaigh sé do 15,000 saighdiúir (ón Wehrmacht) agus 22,000 póilín dul isteach i nDúiche na Réine. Bhí a fhios ag Hitler go raibh a arm measartha lag go fóill. Mar sin bhí orduithe ag a chuid trúpaí ar an lá sin tarraingt siar dá gcuirfeadh arm na Fraince ina éadan. D’admhaigh Hitler níos déanaí go raibh sé ag dul sa seans nuair a chuir sé a chuid saighdiúirí isteach i nDúiche na Réine
Ní dhearna an Fhrainc ná an Ríocht Aontaithe rud ar bith, áfach. Bhí a fhios acu le feadh tamaill céard a bhí ar intinn Hitler, is cosúil. Gan idirghabháil mhíleata ó na Comhghuaillithe, bhí an lá leis na Naitsithe.
- I Sasana, bhí an príomh-aire Stanley Baldwin go tréan ina éadan.
- Bhí uachtarán na Fraince, Albert Sarraut, ag iarraidh dul i mbun aighnis mhíleata. Ach ní raibh an rialtas ar aon intinn agus bhí olltoghchán sa Fhrainc an mhí dár gcionn.
I ndeireadh an lae, bhí polasaí géilleadh chun síthe i bfheidhm ag na Comhghuaillithe ag an am sin.
Iarmhairtí
cuir in eagarBhí trúpaí na Gearmáine lonnaithe ar theorainn na Fraince don chéad uair ó bhí deireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda ann. Thóg an Ghearmáin dúnta agus stáisiúin mhíleata ar an teorainn iartharach. Tugadh ‘Balla an Iarthair’ orthu.
Bhí teorainneacha iartharacha a thíre daingnithe ag Hitler gan troid ar bith agus bhí sé ábalta a aird iomlán a dhíriú anois ar theorainneacha oirthearacha na Gearmáine.
I ndiaidh athmhíleatú a dhéanamh ar Dhúiche na Réine, chuir Hitler luas lena pholasaí eachtrach (mar a bhí leagtha síos i Mein Kampf). Faoi Shamhain 1936 bhí conarthaí sínithe aige leis an Iodáil (Ais na Róimhe agus Bheirlín) agus leis an tSeapáin (an Comhaontú FrithComintern).
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ stmarys-belfast.ac.uk. "An Ghearmain Naitsioch". Dáta rochtana: 2020.