Mein Kampf
Leabhar is ea Mein Kampf (Gaeilge: Mo Chath Féin) a scríobh nó a dheachtaigh Adolf Hitler, an deachtóir de bhunadh Ostarach a bhí ina cheannaire ar an nGearmáin le linn ré na Naitsithe sa tír sin. Is é is ábhar don leabhar ná dírbheathaisnéis agus smaointe polaitiúla an údair, nó an idé-eolaíocht Naitsíoch mar atá aithne uirthi inniu.
Mein Kampf | |
---|---|
![]() ![]() | |
Cineál | saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Údar | Adolf Hitler |
Teanga | An Ghearmáinis |
Foilseachán | An Ghearmáin, Poblacht Weimar agus Gearmáin na Naitsithe, Poblacht Weimar agus Gearmáin na Naitsithe, 1925 |
Dáta a bunaíodh | 1924 ![]() |
Sonraí an tsaothair | |
Príomhábhar | Naitsíochas agus Adolf Hitler |
Seánra | dírbheathaisnéis, advocacy journalism (en) ![]() ![]() |
Suíomh scéalaíochta | An Ghearmáin ![]() |
Taispeánann sé/sí | Adolf Hitler ![]() |
Sraith | |
Eile | |
Aicmiú Leabharlann Comhdhála | DD247.H5 |

Foilsíodh an chéad imleabhar sa bhliain 1925 agus an dara ceann sa bhliain 1926. Is é is ábhar don chéad imleabhar ná saol Hitler féin, agus an dara himleabhar ag tabhairt cur síos ar an ngluaiseacht Naitsíoch.
- Eine Abrechnung ("Reicneáil" nó "Cuntas") is teideal don chéad imleabhar, agus
- Die nationalsozialistische Bewegung ("An Ghluaiseacht Shóisialach Náisiúnta") atá ar an dara ceann.
Chuidigh Rudolf Hess le Hitler an leabhar a chríochnú, ach ní luaitear mar chomhúdar é in aon eagrán den leabhar. Bhreac Hess agus Emil Maurice an chéad imleabhar síos ó bhéal Hitler nuair a bhí sé i bpríosún.
Scríobh sé an dara ceann nuair a bhí cead a chos aige arís. Rinneadh ceartuithe agus athruithe beaga ar na heagráin nua ó shin i leith, de réir mar a theastódh ó Hitler.
Dheachtaigh Hitler leabhar eile fós le cur síos ar a chuid tuairimí i leith an pholasaí eachtraigh, ach níor foilsíodh an ceann sin riamh i ré an Tríú Reich. Maidir le Mein Kampf, áfach, bhí an-ráchairt ar an gceann sin ó tháinig Hitler i gcumhacht sa Ghearmáin, agus ba nós cóip den leabhar a bhronnadh, abair, ar na lánúineacha nuaphósta.
Thiomnaigh Hitler an chéad imleabhar dóibh siúd a fuair bás le linn cheannairc Bheoirhalla na Saoránach (Bürgerbräukeller) i München sa bhliain 1923, an iarracht réabhlóide ar gearradh téarma príosúin do Hitler mar gheall uirthi. I dtús an dara himleabhar, arís, mhol sé Dietrich Eckart, an foilsitheoir a thug a lán idéanna do Hitler agus a fuair bás cúpla bliain sular chríochnaigh Hitler an leabhar. Bhí urraim mhór ag Hitler d'Eckart agus é buíoch beannachtach as ar fhoghlaim sé ón bhfear seo.
AchoimreCuir in Eagar
Seo iad na pointí tábhachtacha sa leabhar:
- Tá Hitler ag caitheamh anuas ar an Ostair mar stát, agus é den tuairim gur chóir í a chur ar ceal mar stát neamhspleách agus cúige Gearmánach a dhéanamh di. Tá sé ag ionsaí Impireacht na hOstaire, ó tá sé barúlach go bhfuil an Impireacht ag teacht an iomarca in araicis na Seiceach ag géilleadh cearta teanga dóibh.
- Tugann Hitler cur síos ar fhorbairt a chuid frith-Ghiúdachais, agus é den bharúil gur idé-eolaíocht Ghiúdach é an Marxachas.
- Forbraíonn sé "sóisialachas náisiúnta na nGearmánach" mar chosaint ar "shóisialachas idirnáisiúnta na nGiúdach", agus é ag moladh chath na gciníocha in áit cath na n-aicmí.
- Tugann sé rabhadh faoin mBoilséiveachas san Aontas Sóivéadach agus é barúlach gur chóir an Boilséiveachas a dhíothú i "gcogadh na gciníocha". Ar ndóigh, tá sé suite siúráilte gurbh iad na Giúdaigh a cheap an Boilséiveachas agus gurbh iadsan atá i gceannas ar an Aontas Sóivéadach.
- San am chéanna, tá sé den tuairim go bhfuil an Ghearmáin ag éirí róbheag ag na Gearmánaigh, agus gur chóir "spás maireachtála" (Lebensraum) a shealbhú in Oirthear na hEorpa.
- Tá sé inbharúla gurbh é an cogadh ar dhá chathéadan san am chéanna a chaill an Ghearmáin sa chéad chogadh domhanda. Le sin a sheachaint, tugann sé le fios gur chóir don Ghearmáin comhghuaillíocht a shocrú leis na Sasanaigh agus leis na hIodálaigh (is é sin, Mussolini).
- Faigheann sé locht ar an daonlathas parlaiminteach, agus é den tuairim gur chóir "stát Gearmánach ceannasaíochta" a chur ina ait.
- Thairis sin, tugann sé cur síos ar a shaol agus ar fhorbairt a ghluaiseachta go dtí an bhliain 1923, mar a chonacthas an scéal dó féin.
TagairtíCuir in Eagar
Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |