Athrú aeráide sa bhliain 2023

Bhí an bhliain 2023 go mór fada ar an mbliain is measa ar an dtaifead go dtí sin ó thaobh arduithe ar gháis ceaptha teasa, ar an téamh domhanda agus ar leá na n-oighearshruthanna, de réir an Eagrais Meitéareolaíochta Domhanda, nó an WMO,[1][2][3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAthrú aeráide sa bhliain 2023
Cineálevents in a specific year or time period (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana2023 Cuir in eagar ar Wikidata

Sa bhliain 2023, sáraíodh na teochtaí ab airde a bhí ar an taifid ó bhí 1940 ann,[4] le linn na tréimhse idir 3 Iúil agus 6 Iúil 2023. Bhí 2023 ar an mbliain ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid ach sáraíodh na teochtaí sin in 2024.

Bhí 2023 ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh
Sháraigh an teocht mara in 2023 gach taifead

An teacht is airde riamh, go dtí sin

cuir in eagar

Bhí 2023 ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh ... go dtí sin. Bhí an teas domhanda in 2023 1.45°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch. Cuireadh saol na milliún duine bunoscionn in 2023 ag triomach, teaspach, tuilte, falscaithe agus cioclóin agus gur deineadh luach na mbilliún euro de dhochar.[5]

Fágann sin gur chuathas an-ghar in 2023 don sprioc a comhaontaíodh i bPáras in 2015 – go gcaithfí an t-ardú ar an teas domhanda a choimeád faoi bhun 1.5 Celsius.

Sháraigh an teocht mara in 2023 a raibh ar an taifead roimhe sin chomh maith agus bhí tonn teasa in os cionn 90% d’fharraigí na cruinne.

Cuireadh saol na milliún duine bunoscionn in 2023 ag triomach, teaspach, tuilte, falscaithe agus cioclóin agus gur deineadh luach na mbilliún euro de dhochar.[1]

Polasaithe

cuir in eagar

Ar an 19 Márta 2024, thug an tEagras Meitéareolaíochta Domhanda foláireamh go bhféadfadh an t-athrú aeráide an saol a chur trína chéile ar fad.[2] Má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur téamh 3 céim Celsius atá i ndán dúinn agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin. Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint.[5][1]

Bhí Dé Domhnaigh 21 Iúil 2024 ar an lá ba theo riamh ar fud an domhain ó cuireadh tús leis na taifid.[6][4] Ar an meán, bhí an teocht dhá mhéadar os cionn dhromchla an domhain chomh hard le 17.09 céim Celsius, .01C níb airde ná an teocht ab airde roimhe sin sa bhliain 2023.[7]

Gach mí ó bhí Meitheamh 2023 ann - trí mhí dhéag as a chéile - chuir Copernicus tuarascáil ar fáil go bhfuil gach mí ar an mí ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid, i.e., bhí Márta 2024 ar an Márta ba theo riamh; bhí Aibreán 2024 ar an Aibreán ba theo riamh agus bhí Bealtaine 2024 ar an mBealtaine ba theo riamh agus mar sin de.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 "‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-19). Dáta rochtana: 2024-03-19.
  2. 2.0 2.1 WMO (2024-03-15). "State of the Global Climate 2023" (en). World Meteorological Organization. Dáta rochtana: 2024-03-19.
  3. "Climate change indicators reached record levels in 2023: WMO" (en). World Meteorological Organization (2024-03-15). Dáta rochtana: 2024-03-19.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2024-07-23). "Domhnach 21 Iúil ar an lá ba theo riamh ó thús na dtaifead" (as ga-IE). 
  5. 5.0 5.1 "‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-19). Dáta rochtana: 2024-03-20.
  6. de réir eolais atá curtha ar fáil ag Seirbhís an Aontais Eorpaigh um Athrú Aeráide, Copernicus.
  7. Bhí stráicí móra de na Stáit Aontaithe, den Eoraip agus den Rúis buailte go trom ag tonnta teasa in 2024.