Aimsir na bliana 2024
Bhí sé ina dheargtheas ar fud na cruinne aon uair amháin eile sa bhliain 2024. Ba í 2024 an bhliain ba theo riamh ó tosaíodh ag coinneáil taifead.
Cineál | events in a specific year or time period (en) |
---|---|
Dáta na bliana | 2024 |
Suíomh | Domhan |
Bhí Dé Domhnaigh 21 Iúil 2024 ar an lá ba theo riamh ar fud an domhain ó cuireadh tús leis na taifid.[1][2] Ar an meán, bhí an teocht dhá mhéadar os cionn dhromchla an domhain chomh hard le 17.09 céim Celsius, .01C níb airde ná an teocht ab airde roimhe sin sa bhliain 2023.[3]
Cúlra
cuir in eagarBhí aimsir na bliana 2022 is teo dár taifeadadh ariamh in Éirinn agus sa Bhreatain go dtí an dáta sin.[4] D'fhág tuilte na Pacastáine aon trian den tír báite; bhí breis is 33 milliún duine, nó duine amháin as seachtar, buailte.
Sa bhliain 2023, bhí sé ina dheargtheas ar fud na cruinne aon uair amháin eile. Ba í 2023 an bhliain ba theo riamh, go dtí an dáta sin, ó tosaíodh ag coinneáil taifead.[5][6][7][8] Ar an meán, bhí ardú 1.5 céim ar an teocht domhanda in 2023 ó thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch.[9]
2024
cuir in eagarDar le gníomhaireacht monatóireachta an Aontais Eorpaigh, Copernicus, bhí 2024 ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh. Bhí teocht na cruinne i mbliana 1.55 céim Celsius níos airde ná an mheánteocht a bhí ann idir na blianta 1850-1900, díreach sular tosaíodh ag dó breoslaí iontaise ar bhonn tionsclaíoch. Bhí 2024 an chéad bhliain don teocht a bheith níos mó ná 1.5 céim os cionn mheánteocht na mblianta úd.[10][11]
Ní amháin sin, ach gach mí idir Meitheamh 2023 - Lúnasa 2024 - ceithre mhí dhéag as a chéile - chuir Copernicus tuarascáil ar fáil ag rá go raibh gach mí ar an mí ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid, i.e., bhí Márta 2024 ar an Márta ba theo riamh; bhí Aibreán 2024 ar an Aibreán ba theo riamh agus bhí Bealtaine 2024 ar an mBealtaine ba theo riamh agus mar sin de.[1]
Is é an t-athrú aeráide is cionsiocair leis an anaimsir arb í is siocair le roinnt de na tubaistí móra daonna atá ag tarlú níos minice ar na saolta seo, cuir i gcás, an lomscrios a rinne na maidmeanna tuile a bhí in oirthear na Spáinne in 2024.
Bhí baint ag an bpatrún aimhrialta aimsire El Niño leis an scéal freisin. Cé gur feiniméan nádúrtha é El Niño a chothaíonn as féin ardú teochta, fearthainn throm agus triomach, creideann saineolaithe áirithe go bhfuil téamh leanúnach na cruinne ag cur lena fhíochmhaire.[10]
Tubaistí
cuir in eagar- Bhuail tuilte an Stát Rio Grande do Sul i bhfíordheisceart na Brasaíle idir 29 Aibreán - tús na Bealtaine 2024, de thoradh titim throm báistí.
- Tuilte na Spáinne. Bhí os cionn 220 duine maraithe de bharr maidhmeanna tuile in oirthear na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair 2024
Ceapadh beartais
cuir in eagar- Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh ar an 27 Feabhra 2024. (Caithfidh tíortha an Aontais Eorpaigh plean a leagan amach faoin gcaoi a ndéanfar athchóiriú ar 20% de thalamh agus réimsí farraige an AE faoin mbliain 2030. Caithfidh siad na pleananna a leagan amach roimh 2027).[12][13][14]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-07-23). "Domhnach 21 Iúil ar an lá ba theo riamh ó thús na dtaifead" (as ga-IE).
- ↑ de réir eolais atá curtha ar fáil ag Seirbhís an Aontais Eorpaigh um Athrú Aeráide, Copernicus.
- ↑ Bhí stráicí móra de na Stáit Aontaithe, den Eoraip agus den Rúis buailte go trom ag tonnta teasa in 2024.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-12-28). "2022 ar an bhliain is teo dár taifeadadh ariamh sa Bhreatain" (as ga-IE).
- ↑ Alex Hijmans (28 Nollaig 2023). "Cogadh dearg agus deargtheas – súil siar ar an domhan in 2023" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-29.
- ↑ "‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-19). Dáta rochtana: 2024-03-19.
- ↑ WMO (2024-03-15). "State of the Global Climate 2023" (en). World Meteorological Organization. Dáta rochtana: 2024-03-19.
- ↑ "Climate change indicators reached record levels in 2023: WMO" (en). World Meteorological Organization (2024-03-15). Dáta rochtana: 2024-03-19.
- ↑ "Copernicus: 2023 is the hottest year on record, with global temperatures close to the 1.5°C limit | Copernicus". climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2024-01-11.
- ↑ 10.0 10.1 Nuacht RTÉ (2024-11-07). "2024 le bheith ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh" (as ga-IE).
- ↑ De réir an chomhaontú aeráide a síníodh i bPáras in 2016, tá iallach ar thíortha an domhain an t-ardú teochta a choinneáil faoi bhun 2 chéim agus dianiarracht a dhéanamh é a choinneáil ag 1.5 céim.
- ↑ Glacadh leis an dlí seo le farasbarr 54 vóta. Vótáil Fine Gael i bhfabhar ach bhí Páirtí Phobal na hEorpa (European People's Party / EPP) in aghaidh i ndeireadh an lae.
- ↑ RnaG / Tús Áite (2023). "Tús Áite: Dlí Athchóirithe Nádúir." (as ga-IE) (Vótáil Pairlimint na hEorpa 12 IÚIL 23 ar son an Dlí nua Athchóirithe Nádúir le 336 feisire ar a shon, 300 ina choinne agus triúr déag a shéan ón vótáil. Labhraímid faoi seo le Seán Kelly (Feisire Eorpach le Fine Gael).).
- ↑ Catherine Connolly TD (Iúil 2023). "Catherine Connolly TD speaking on the Motion on Nature Restoration Law." (as en-IE).