Bhí os cionn 100 duine maraithe de bharr maidhmeanna tuile a tharla in oirthear na Spáinne ar an 29 Deireadh Fómhair 2024. Bhí leibhéal na fearthainne chomh hard le 200 milliméadar in áiteanna. Chomh maith leis na daoine a maraíodh, tá an-díobháil déanta ag na tuilte do bhonneagar an réigiúin agus tá slad déanta ar bharra.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTuilte sa Spáinn, 2024
Cineálcold drop (en) Aistrigh
tubaiste nádúrtha Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana29 Deireadh Fómhair 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhComhphobal Valencia, An Spáinn
An Andalúis, An Spáinn
Castilla-La Mancha, An Spáinn
Murcia, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna95 (30 Deireadh Fómhair 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaitheluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Líon ar iarraidh43 (30 Deireadh Fómhair 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#temporaldelevante Cuir in eagar ar Wikidata

Sáinníodh go leor daoine san áit a raibh siad nuair a réab na tuilte isteach orthu. B'éigean do dhaoine greim daingean a choinneáil ar chrainn agus gach saghas cuaille ionas nach scuabfaí chun siúil iad.

Cúiseanna

cuir in eagar

Fronta fuar aimsire a leath ar fud an réigiúin ba chionsiocair leis na tulcaí báistí a thit ann de ruathar agus go caiseach. Ach dúirt saineolaithe gur de dheasca athrú aeráide a bhíonn aimsir mhínádúrtha ann níos minice ar na saolta seo.[1]

Tá uisce na Meánmhara ag éirí níos teo an t-am ar fad, tá níos mó uisce á ghalú dá bharr agus tá tuairteanna báistí sa réigiún níos troime ná mar a bhí riamh mar thoradh air sin, dar leis na meitéareolaithe.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-10-30). "Os cionn 70 duine maraithe de bharr tuilte in oirthear na Spáinne" (as ga-IE).