Avicii
Bhí Avicii (8 Meán Fómhair 1989 – 20 Aibreán 2018) ina cheoltóir cáiliúil[1]. Ba cheirneoir (nó DJ) é freisin. B’ainm stáitse é Avicii. Tim Berling an t-ainm eile a bhí air. Rugadh sa tSualainn é.
Ainm sa teanga dhúchais | (sv) Tim Bergling |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (sv) Tim Lidén 8 Meán Fómhair 1989 Stócólm, An tSualainn |
Bás | 20 Aibreán 2018 28 bliana d'aois Muscat, Óman |
Siocair bháis | Féinmharú |
Áit adhlactha | Hedvig Eleonora Church (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Avicii Jovicii Tom Hangs Tim Berg Timberman |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Östra Real |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceol, ceol damhsa leictreonach, ceol tí, ceol damhsa agus ceol leictreonach |
Gairm | ceoltóir, léiritheoir ceirníní, athmheascthóir, dioscmharcach, amhránaí |
Tréimhse oibre | 2006 – 2018 |
Seánra | Ceol damhsa leictreonach, progressive house (en) agus electro house (en) |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla agus an tSualainnis |
Uirlis | Uirlis mhéarchláir, giotár, pianó, sintéiseoir, FL Studio (en) agus Logic Pro (en) |
Lipéad ceoil | Universal Music Group EMI Ministry of Sound Island Records Geffen Records Vicious Vinyl |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Páirtí | Emily Goldberg (en) (2011–2013) |
Athair | Klas Bergling agus Anki Lidén |
Siblín | Anton Körberg agus Linda Bergling |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | avicii.com |
|
Gaeilge
cuir in eagarSa bhliain 2013, d’aistrigh múinteoirí agus daltaí Choláiste Lurgan cúpla amhrán mór le hAvicii go Gaeilge (mar shampla “Wake Me Up” agus “Hey Brother”).
Dúirt Avicii go raibh sé an-sásta leis an bhfíseán de “Wake Me Up”, a chuir TGLurgan suas ar YouTube. D’fhéach níos mó ná sé mhilliún duine ar an bhfíseán ar an idirlíon.
Bhí ceolchoirm ag Avicii i bPáirc Mharlaí sa bhliain 2015.
Ó thaobh a shaol pearsanta de, bhíodh Avicii i gcónaí ag streachailt le fadhbanna éagsúla, gruaim agus mí-úsáid drugaí na cinn ba mheasa dóibh. Chuir Avicii lámh ina bhás féin sa bhliain 2018. Bhí sé ar cuairt in Óman agus ocht mbliana is fiche d’aois ag an am.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Eleathanach 292, 23 Aibreán 2018