Bán an Aeir

toghroinn i gContae Bhaile Átha Cliath

Is baile beag í Bán an Aeir[1] suite i dtaobh ó Thuaidh i gContae Bhaile Átha Cliath. Is bruacbhaile í Bán an Aeir do Chúlóg. Téann Abhainn na Cúlóige taobh leis an mbruacbhaile Bán an Aeir. Bunaíodh séipéal Naomh Pól ann sa luath - Chríostaíocht agus tá an bruachbhaile tar éis fás agus forbairt timpeall paróiste an tséipéal. Tá clubtheach an Chumainn Uí Thuathail lonnaithe in aice le Bán an Aeir. Tá club Bán an Aeir FC[2] lonaithe ann in aice le clubtheach Uí Thuathail agus tá Cumann Creidmheasa taobh leis freisin.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBán an Aeir

Suíomh
Map
 53°23′41″N 6°11′05″W / 53.394631°N 6.184636°W / 53.394631; -6.184636
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
BaileBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1372561
Príomh Páirc Bán an Aeir

Nádúr cuir in eagar

Abhainn na Cúlóige suite timpeall an chúinne ó Bhán an Aeir. Tá dhá pháirc ollmhór ann inar féidir le daoine spóirt á n-imirt orthu agus is féidir leis na páistí súgradh ar na páirceanna freisin. Is féidir roinnt bláthanna ag tús an eastáit a fheiceáil i rith an Earraigh agus i rith an tSamhraidh chomh maith.

Ceantair cuir in eagar

Tá go leor bruacbhailte in aice le Bán an Aeir.

Ard na Gréinne cuir in eagar

Tá Ard na Gréinne suite in aice le Bán an Aeir. Is eastáit tithíochta í chomh maith. Tá Scoil Naomh Pól sa pharóiste acu freisin agus tá an Séipéal Naomh Pól ann freisin. Is séipéal den Eaglais Chaitliceach í.

Ráth Eanaigh cuir in eagar

Tá an ceantar Ráth Éanaigh taobh le Bán an Aeir chomh maith. Tá páirc Naomh Áine suite i bpobail Ráth Éannaigh agus imrítear a lán cluichí iománaíocht, Peil Ghaelach, Sacar agus Rugbaí ann. Sheinn an Banna Cheoil Kodaline i bpáirc Naomh Áine i mí Meitheamh 2019. Tá clubtheach Ráth Éanaigh suite i gcríolár an pobal freisin.

Darndál cuir in eagar

Tá Darndál ar an taobh thoir do Bhán an Aeir. Is páirt den pharóiste atá bainteach leis an gCumann Uí Thuathail í Darndál. Áfach, tá Club Shacar 'Darndál FC' lonaithe ann.

Áiseanna cuir in eagar

pictiúrlann cúig nóiméad timpeall an chúinne ó Bhán an Aeir. 'Odeon Cúlóg'[3] is ainm dó. Roimh sin, glaotar 'UCI' air sular cheannaigh an 'Odeon' na cearta dó. Tá áit ann atá taobh leis an bpictiúrlann freisin inar féidir cluichí bollaí a imirt agus tá roinnt cluichí stuabhealach ann. 'Leisureplex'[4] is ainm don áit.

Tá brú óige ann darbh ainm 'the Cool side of God'. Tá an grúpa lonnaithe i Séipéal Naomh Pól. Bíonn siad ag canadh amhrán don Aifreann ann agus bíonn siad ag canadh roinnt amhráin éagsúla chomh maith. Mura bhfuil na páistí ag iarradh canadh, is féidir leo roinnt cluichí eile a imirt lena chéile nó is féidir leo suí síos agus caint lena chéile freisin.

In aice leis an Séipéal tá an cumann Uí Thuathail. Club áitiúla í do Bhán an Aeir inarbh fhéidir iománaíocht agus Peil Ghaelach agus Liathróid Láimhe a imirt. Bunaíodh an club sa bhliain 1901[5]. Nuair a bhunaíodh an club, bhíodar lonnaithe i lár na cathrach in aice leis na cúig lampa ach, bhogadar amach go Céide Bhlunden sa luath 2000dí.


Reiligiúin cuir in eagar

Tá Séipéal Caitliceach amháin ann agus Séipéal Protastúnach amháin ann chomh maith. Tá an Séipéal Caitliceach (Séipéal Naomh Pól)[6] i mBán an Aeir agus tá an Séipéal Protastúnach (Séipéal Naomh Eoin)[7] lonnaithe ar an mbóthar lasmuigh na heastáit tithíochta Bán an Aeir ar Bhóthair Thóin le Gaoith.


Oideachas cuir in eagar

Bunscoil Shinsearach agus Sóisearach Naomh Pól[8] cuir in eagar

Pobalscoil Donahies[9] cuir in eagar

Tá Pobalscoil Donahies lonnaithe cúig nóiméad ó Ard na Gréinne agus Bán an Aeir. Bhunaíodh an scoil sa bhliain 1979 agus tá siad ag céillúradh féile 40 bliain i mbliana. Is scoil í ina bhfuil meascán de bhuachaillí agus cailíní iontu.

Coláiste Chanel[10] cuir in eagar

Tá Coláiste Chanel lonnaithe i sráidbhaile Cúlóg atá in aice le Bán an Aeir. Bhí an scoil bunaithe sa bhliain 1955. Is scoil í a bhfuil ach buachaillí amháin iontu

Gaelcholáiste Reachrann[11] cuir in eagar

Is gaelscoil í i nDomhnach Míde. B'í an ghaelscoil is cóngaraí do Bhán an Aeir. Bunaíodh an scoil sa bhliain 2002. Tá an scoil timpeall ar chúig nóiméad déag ó Bhán an Aeir.

Iompar cuir in eagar

27a cuir in eagar

Is féidir an 27A a fháil ó Chéide Blunden os comhair an Chumainn Uí Thuathail agus an Cumann Creidmheasa, agus téann an bus isteach go lár na cathrach agus stopann sé ar Shráid Thalbóid.

27X cuir in eagar

Téann an 27X ó Ascaill Halla an Chláir go dtí Belfield UCD. Téann an bus suas Bóthar Mhullach íde freisin ach ní stopann an bus ag an stad céanna toisc go bhfuil an bus ag iarradh fáil go dtí an stop deireanach níos tapúla ná an 27 a théann an bealach céanna.

27 cuir in eagar

Téann an 27 ó Halla an Chláir go dtí Ráth Miontáin tríd lár na Cathrach, suas bóthar Mhullach Íde.

15 cuir in eagar

Téann an 15 ó Chluainghrifín go dtí Bóthar BaileChullen tríd lár na cathrach. Téann an bus suas an bóthar Mhullach Íde freisin agus tá stad an bus suas an bóthar ó Bhán an Aeir.

42 cuir in eagar

Téann an 42 ó Shráid Thablóid go dtí an tÓstán Sands i bPort Mearnóg.

43 cuir in eagar

Téann an 43 ó Shráid Thablóid go dtí an Pháirc Ghnó i tSord.


Téann an 27, 27X, 15, 42, 43 go léir suas bóthar Mhullach Íde agus toisc sin is féidir na busanna sin go léir a fháil ag an stad céanna, ag timpeallán Darndál nó ag an stad atá ar Abhainn na Cúlóige in aice leis an bpictiúrlann.

Caithfidh tú an 27A a fháil ag stad difriúil ach téann sé suas bóthar Mhullach Íde ag timpeallán Ard Aidhin.

Stopann an 27A, 42, 43 ag an stop deireanach céanna ar Shráid Thalbóid.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Bán an Aeir/Ayrfield | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  2. "Ayrfield United F.C" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  3. "ODEON Coolock - Dublin Cinema - View Listings and Book Tickets Now!" (en). www.odeoncinemas.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-04. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  4. "Bowling Coolock Family Fun" (en-US). Leisureplex. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-04. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  5. "History | O’Tooles Gaelic Association Club | Hurling, Football, Handball since 1901" (en-US). O’Tooles GAC | Gaelic Athletic Club. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-04. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  6. "St Pauls Parish Ayrfield". www.stpaulsparishayrfield.com. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  7. "St John the Evangelist, Coolock". www.coolock.dublin.anglican.org. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  8. "St Paul's Junior N.S." (en). St Paul's Junior N.S.. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  9. Donahies Community School. "Donahies Community School" (English). Donahies Community School. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  10. "Chanel College" (en). chanelcollege. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  11. Gaelcholáiste Reachrann. "Gaelcholáiste Reachrann" (Irish). Gaelcholáiste Reachrann. Dáta rochtana: 2019-12-04.