Cath Bhéal an Átha Buí

(Athsheolta ó Béal an Átha Buí)

Tá cáil ar Bhéal an Átha Buí in iarthar Ard Mhacha mar gurb ann a bhuaigh Aodh Ó Néill cath in aghaidh fhórsaí Shasana, a bhí faoi cheannas Henry Bagenal ar 14 Lúnasa 1598.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCath Bhéal an Átha Buí
Íomhá
Map
 54°23′02″N 6°56′42″W / 54.384°N 6.945°W / 54.384; -6.945
Cineálcath Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadh na Naoi mBliana Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana14 Lúnasa 1598 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhContae Ard Mhacha, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
TírRíoghacht Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Bhí sé ina chogadh idir taoisigh na nGael i gCúige Uladh agus rialtas Shasana le beagnach ceithre bliana nuair a rinne Bagenal iarracht ceanncheathrú Uí Néill a ghabháil. Rinne Ó Néill luíochán cliste ar na Sasanaigh ag an Áth Buí agus bhí bua mór aige.[1]

an suíomh inniu

Imeachtaí cuir in eagar

Mháirseáil Bagenal le timpeall ceithre mhíle saighdiúir ó Ard Mhacha agus bhí na Gaeil á chiapadh ón tús le piléir, sleánna agus gathanna.

Mealladh na Sasanaigh isteach i gceantar ina raibh talamh bog agus crainn ar gach taobh, áit a bhí ullmhaithe don luíochán cheana féin ag Ó Néill. Chuaigh gunnaí móra na Sasanach in abar agus d'fhan cuid de na saighdiúirí siar chun iad a scaoileadh saor.

Maraíodh Bagenal le piléar sa chloigeann, agus chuaigh marcshlua na nGael ar an ionsaí. Chúlaigh na Sasanaigh ar ais go hArd Mhacha, agus na Gaeil sa tóir orthu i rith an ama. B'éigean dóibh Ard Mhacha féin a ghéilleadh tar éis trí lá de léigear.

Áirítear gur chaill na Sasanaigh idir 1500 agus 2000 sa chath agus gur maraíodh timpeall 200 d'arm Uí Néill. Ar feadh cúpla bliain bhí forlámhas ag Ó Néill ar Chúige Uladh agus ar chuid mhaith eile d'Éirinn, agus mhéadaigh an tacaíocht a fuair sé ó Ghaeil ar fud na tíre.

Mhair an cogadh cúig bliana eile.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. cairde teo (2021-08-14). "Comóradh an Átha Bhuí". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-14. Dáta rochtana: 2023-08-14.