Teanga ardleibhéil ríomhchláraithe a forbraíodh i gColáiste Dartmouth sna Stáit Aontaithe i ndeireadh na 1950idí is ea BASIC (Beginner's All-purpose Symbolic Instruction Code Gaeilge: Cód Siombalach Uilefhóinteach Treoracha do Thosaitheoirí). Mar bhuntáiste aici go bhfuil sí éasca le foghlaim is le cur i bhfeidhm. Glacadh léi le fada mar theanga chaighdeánach i ríomhairí pearsanta, agus forbraíodh canúintí ar leith i gcomhair feidhmeanna is ríomhairí ar leith. Le blianta anuas tá an teanga C tar éis an phríomháit a ghabháil mar theanga ardleibhéil na ríomhchláraitheoirí i gcomhair ríomhairí pearsanta. Ach soláthraíonn comhlacht Microsoft canúint den 4ú glúin, Visual Basic, chun gur féidir le húsáideoirí a bhfeidhmeanna féin a ríomhchlárú.[1]

Teanga RíomhchlárúcháinBASIC
Cineálteanga ríomhchlárúcháin, non-structured programming language (en) Aistrigh agus teanga ríomhchlárúcháin ordaitheach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta cruthaithe1964 Cuir in eagar ar Wikidata
DearthóirJohn George Kemeny Cuir in eagar ar Wikidata
ForbróirThomas Eugene Kurtz, John George Kemeny agus Mary Kenneth Keller Cuir in eagar ar Wikidata
Paraidím ríomhchlárúcháinnon-structured programming (en) Aistrigh, ríomhchlárú ordaitheach, clárú gnásúil agus ríomhchlárú bunaithe ar oibiachtaí Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thioncharFORTRAN, FORTRAN II (en) Aistrigh, JOSS agus Algol Cuir in eagar ar Wikidata
Iarmhír chomhadainmbas Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cód Siombalach Uilefhóinteach Treoracha do Thosaitheoirí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 153.