Bagdad
Príomhchathair na hIaráice is í Bagdad (Araibis: بغداد , Baghdād). Tá an chathair suite ar bhruach abhainn Tigris in lár na tíre. Is í an chathair is mó sa tír, agus an dara chathair is mó sa domhan Arabach, tar éis Caireo. Meastar go bhfuil cónaí ar 5,772,000 duine ann.
Bagdad | |||||
---|---|---|---|---|---|
بغداد (ar) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Iaráic | ||||
Governorate of Iraq (en) | Baghdad Governorate (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 8,126,755 (2018) | ||||
• Dlús | 12,075.42 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 673 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Tígris | ||||
Airde | 34 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ctesiphon | ||||
Bunaitheoir(í) | Al-Mansur | ||||
Cruthú | 762 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Manhal Al habbobi (2020–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 10001–10090 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | amanatbaghdad.gov.iq |
Stair
cuir in eagarB'é an Cailíf al-Mansur, de ríshliocht na nAbbasach a bhunaigh Baghdad an 30 Iúil 762. Bhí príomhchathair na bPeirseach, Ctesiphon, suite gar do Bhagdad. Ghabh na Moslamaigh an chathair siúd sa bhliain 627, agus bunaíodh Bagdad mar phríomhchathair ina h-áit.
Meastar gurbh í Bagdad an chathair ba mhó ar domhan idir blianta 775 agus 935. Tá seans ann freisin gurbh í an chéad chathair a raibh daonra níos mó ná milliún duine aici.
Rinneadh a lán dochair do Bhagdad le linn ionradh na Mongólach a chuir deireadh le réim na nAbbasach, agus i bhfad níos déanaí, le linn Chogadh na Murascaille idir 1990 agus 1991, agus an dara ionsaí sa bhliain 2003.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |