Baile Héil
Sráidbhaile bheag atá suite i gContae Chill Chainnigh, Poblacht na hÉireann é Baile Héil[1], nó Ballyhale as Béarla. Is paróiste Caitliceach é ar an taobh deisceartach den chathair Cill Chainnigh, ina bhfuil timpeall 305 teaghlach.
Baile Héil | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Chill Chainnigh | |||
Ceremonial cities of the Republic of Ireland (en) | Cill Chainnigh | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1412345 |
Spórt
cuir in eagarTá club iomána rathúil suite ann; Na Seamróga Baile Héil.
Oideachas
cuir in eagarTá Scoil Phádraig suite i mBaile Héil ar an mbóthar go Port Láirge. Freastalaíonn níos mó ná céad is fiche páistí ar an scoil. D'oscail an scoil nua i 1993 agus tá an tseanscoil ann ó 1948. Na hábhair scoile atá ar fáil i Scoil Phádraig ná Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Stair, Ceol, Creideamh, Eolaíocht, Tíreolaíocht, Filíocht, Corpoideachais, agus Ealaín. Tá cúig sheomra ranga sa scoil. Tá ríomhaire i ngach seomra ranga. Tá seachtar múinteoir sa scoil. Is féidir leat Corn na Gaeilge a bhuachaint i rang a cúig is a sé má labhraíonn tú Gaeilge maith. Bhuaigh foireann iománaíochta na Scoile Corn Roinn B in 2006. Téann na páistí ag snámh go Cill Chainnigh gach Aoine roimh Nollaig. Tá iománaíocht agus camógaíocht á n-imirt ag gach dalta sa scoil. Tá an scoil páirteach le Scoil Glas ag athchúrsáil le chéile.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Baile Héil/Ballyhale | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |