Baile Thalbóid

ionad daonra i gContae an Dúin

Is baile suite i gContae an Dúin i dTuaisceart Éireann é Baile Thalbóid.[1] Tá calafort beag agus páirceanna carbhán mhóra ann. Sa bhliain 2001 bhí cónaí ar 447 duine ann agus sa bhliain 2011 fuarthas 1,026 duine ina gcónaí ar an mbaile.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Thalbóid

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°29′55″N 5°27′25″W / 54.4985°N 5.4569°W / 54.4985; -5.4569
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT22 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1413115

Tá an lonnaíocht is faide soir in Éirinn, Bior, taobh istigh de Bhaile Thalbóid.

I mí Bealtaine na bliana 1917, chuir an U-fhomhuireán UC 65 faoi stiúradh Otto Steinbrinck ceithre shoitheach, mar atá an Saint Mungo, Derrymore, Amber agus Morion, go dtí an tóin i mBá Bhaile Thalbóid. Tógadh bunáit aerfhórsa, RAF Ballyhalbert, i mBaile Thalbóid le Béal Feirste agus oirthear Thuaiscirt Éireann a chosaint sa Dara Cogadh Domhanda. Druideadh an bhunáit agus díoladh an talamh i mí Márta, 1960. Tógadh páirceanna carbhán ann.

Tagairtí cuir in eagar