Baile Héil

ionad daonra i gContae Chill Chainnigh
(Athsheolta ó Baile hÉil)

Sráidbhaile bheag atá suite i gContae Chill Chainnigh, Poblacht na hÉireann é Baile Héil[1], nó Ballyhale as Béarla. Is paróiste Caitliceach é ar an taobh deisceartach den chathair Cill Chainnigh, ina bhfuil timpeall 305 teaghlach.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Héil

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°27′59″N 7°12′08″W / 52.466286°N 7.202225°W / 52.466286; -7.202225
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Chainnigh
Ceremonial cities of the Republic of Ireland (en) AistrighCill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1412345

Spórt cuir in eagar

Tá club iomána rathúil suite ann; Na Seamróga Baile Héil.

Oideachas cuir in eagar

Tá Scoil Phádraig suite i mBaile Héil ar an mbóthar go Port Láirge. Freastalaíonn níos mó ná céad is fiche páistí ar an scoil. D'oscail an scoil nua i 1993 agus tá an tseanscoil ann ó 1948. Na hábhair scoile atá ar fáil i Scoil Phádraig ná Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Stair, Ceol, Creideamh, Eolaíocht, Tíreolaíocht, Filíocht, Corpoideachais, agus Ealaín. Tá cúig sheomra ranga sa scoil. Tá ríomhaire i ngach seomra ranga. Tá seachtar múinteoir sa scoil. Is féidir leat Corn na Gaeilge a bhuachaint i rang a cúig is a sé má labhraíonn tú Gaeilge maith. Bhuaigh foireann iománaíochta na Scoile Corn Roinn B in 2006. Téann na páistí ag snámh go Cill Chainnigh gach Aoine roimh Nollaig. Tá iománaíocht agus camógaíocht á n-imirt ag gach dalta sa scoil. Tá an scoil páirteach le Scoil Glas ag athchúrsáil le chéile.

Tagairtí cuir in eagar