Is é an bairiam (siombail cheimiceach: Ba) dúil uimhir a 56. Ceann de na miotail chré-alcaileacha atá ann, agus é sách nimhiúil d'orgánach an duine, cé go bhfuil sé sách cosúil leis an gcailciam ó thaobh na ceimice de. Tá sé iseatóp cobhsaí ann, agus bairiam an dúlra comhdhéanta astu chomh maith le haon raidiseatóp fadsaolach amháin. Sa speictreascópacht, is ar an líne uaine a aithnítear é, agus úsáidtear é sna roicéid tine ealaíne le dath uaine a chruthú.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachBairiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Bairiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachBa
Uimhir adamhach56
Mais adamhach137.327
Cumraíocht leictreon[Xe] 6s²
Peiriad, Grúpapeiread 6
miotal cré-ailcealach
Airíonna fisiceacha
Dlús3.338 kg/m⁻³
Leáphointe727
Fiuchphointe1,897
Leictridhiúltacht0.89
Ga ianach1.35, 1.42 agus 1.61
Stair
AimsitheoirHumphry Davy agus Carl Wilhelm Scheele
Fionnachtain1808 agus 1772
Eapainmmeáchan

Saintréithe Fisiciúla cuir in eagar

Miotal bog é an bairiam, agus loinnir airgeadgheal ann. Más bairiam glan ar fad atá ann, is féidir traidhfilín den dath órga a aithint, fiú. Chomh haraiciseach atá an bairiam chun imoibriúcháin, áfach, tiocfaidh smúid ocsaíde air go tiubh, má chuirtear i dteagmháil leis an aer é. De dheasca na himoibritheachta seo tá sé beagnach dodhéanta glanbhairiam a aonrú, agus níl sé furasta saintréithe an bhairiam a shocrú ach an oiread. Is é an leáphointe atá aige ná 1000 ceilvin, nó 730 céim de réir Celsius; is é an fiuchphointe ná 2170 ceilvin, nó 1900 céim de réir Celsius - níos airde ná fiuchphointe an strointiam. Is é an dlús atá ag an mbairiam ná 3.62 g/cm3: idir eatarthu idir an strointiam agus an raidiam arís.

Saintréithe Ceimiceacha cuir in eagar

Tá an bairiam cosúil leis na miotail chré-alcaileacha eile, nó níl ach dhá fhiúsleictreon aige, agus é sásta iad a thabhairt ar iasacht uaidh. Mar sin is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná +2, beagnach gan eisceacht: uaireanta is féidir teacht ar bhairiam (I) i móilíní an-éagobhsaí. Bíonn an bairiam ag imoibriú go heisiteirmeach leis na neamh-mhiotail má théitear suas é, agus creimeann na haigéid é chomh maith - is é an t-aigéad sulfarach an eisceacht is tábhachtaí, nó má thagann an bairiam i dteagmháil leis an aigéad seo, foirmeofar smúid sulfáite ar an dromchla, agus tá an tsuilfáit bhairiam chomh dothuaslagtha is go n-éighníomhóidh sí an bairiam.

Iseatóip an Bhairiam cuir in eagar

Is iad iseatóip nádúrtha an bhairiam ná:

  • Bairiam a 130 (0.11% de bhairiam an dúlra). Núiclíd radaighníomhach atá san iseatóp seo, agus is é an cineál meath radaighníomhach a thagann air ná an leictreonghabháil dhúbailte. Tá an leathré i bhfad níos faide ná aois na hollchruinne féin, agus ar sin is féidir dearmad a dhéanamh den radaighníomhaíocht seo sa ghnáthshaol. Níor aithin na saineolaithe féin gur radanúiclíd a bhí ceist ach sa bhliain 2001, nuair a tuigeadh dóibh gur toradh do mheath radaighníomhach an chineál seo bairiam a bhí i gceist leis an xeanón a bhí ar fáil sa charraig.
  • Bairiam a 132 (0.10% de bhairiam an dúlra). Iseatóp cobhsaí é.
  • Bairiam a 134 (2.42% de bhairiam an dúlra). Ní dual don iseatóp seo aon chineál meath radaighníomhach ach an oiread.
  • Bairiam a 135 (6.59% de bhairiam an dúlra). Núiclíd eile é seo atá saor ó radaighníomhaíocht.
  • Bairiam a 136 (7.85% de bhairiam an dúlra). Iseatóp cobhsaí é seo freisin.
  • Bairiam a 137 (11.23% de bhairiam an dúlra). Ní féidir meath radaighníomhach a aithint ar an gceann seo ach an oiread.
  • Bairiam a 138 (71.70% de bhairiam an dúlra). Núiclíd chobhsaí é seo chomh maith, agus é ar an iseatóp is flúirsí i mbairiam an dúlra.

Tagairtí cuir in eagar